Tá an Garda Síochána fós i mbun fiosraithe i nGaeltacht Chonamara ó thángthas níos túisce inniu ar ghaireas a tharraing amhras.
Tháinig na Gardaí ar an láthair i Maigh Cuilinn maidin inniu thart ar 9.30.
Chonacthas gaireas an amhrais sa cheantar agus cuireadh fios ar Mheitheal Diúscartha Ordanáis Phléascaigh [EOD] Óglaigh na hÉireann. Baineadh an dochar as an ngaireas sular tugadh chun bealaigh é le hanailís bhreise a dhéanamh air.
Dúnadh na bóithre thart ar láthair na heachtra ar feadh tamaill níos luaithe inniu.
Dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána le Tuairisc tráthnóna go raibh na fiosruithe ar siúl go fóill.