Oíche Ghaelach
Oíche Ghaelach
@ An Sportlann
Siamsaíocht Agus EalaínBígí linn!!
Taréis an Oíche Ghaelach an-rathúil a bhí againn do Seachtain na Gaeilge, táimid ar bís a rá go bhfuil oíche eile cosúil leis ag teacht.
Chun Lá Mhaigheo 2023 a cheiliúradh, táimid ag tionóil oíche de damhsa, comhrá agus ceol Mhaigheo ar an Máirt, 25ú Aibreáin.
Tá áthas orainn a rá go mbeidh Aoibhinn Ní Dochartaigh ag teacht arais chun rang Rince Sean-nós a mhúineadh. Ina dhiaidh sin, beidh Ciorcal Comhrá againn, agus, chun deire a chur leis an oíche, beidh Seisiún Ceol agus Amhráin ann
Beidh an Cioircal Comhrá an-cabhrach do dhaltaí mean-scoile agus tuismitheoirí. Beidh Gaeltacht na Mistéalaigh agus Conradh na Gaeilge ann chun tacaíocht a thabhairt.
Beidh Stiofán Ó Dochartaigh ann mar aoi speisialta chun tionlaic a thabhairt do na hamhránaithe agus freagraí a thabhairt d'aon ceisteanna ceoil ón lucht éisteachta.
Táimid ag tabhairt cuireadh do na baill go léir teacht linn ar an oíche speisialta seo, ní do Ghaeilgeoirí amháin, mar beidh na gníomhachtaí dá-theangach agus cuirfimid gach duine ar a suaimhneas.
Bígí linn don craic agus spraoi!