Chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá clabhsúr anocht cois Maighe i mBéal an Átha ar a thuras ceithre lá ar Éirinn.
Thug an tUachtarán óráid taobh amuigh d’Ardeaglais Naomh Muireadhach, óráid inar labhair sé faoina shinsir as Maigh Eo agus ar a bhródúla is atá sé as a chúlra Éireannach. Ba chuid dá anam Maigh Eo, a dúirt sé.
Phléigh sé ina chuid cainte, inar a thagair sé don fhile Raiftearaí, go leor de na téamaí céanna a bhí faoi chaibidil aige le linn a chuairte agus béim aige arís ar chúrsaí síochána agus ar stair choiteann Mheiriceá agus Éire.
Mar chríoch lena óráid bhéic sé “Mayo for Sam!”, ráiteas a chorraigh an slua go mór.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2023/04/biden-758.jpg)
Thug an tUachtarán Biden cuairt níos túisce inniu ar scrín na maighdine i gCnoc Mhuire, ar Ospís Mhaigh Eo agus Ros Comái, ar Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo sula ndeachaigh sé go Béal an Átha, mar ar chuir sé deireadh lena chuairt.
Bhí na mílte i láthair ag óráid Mhaigh Eo, an ócáid oifigiúil deiridh dá thuras sula bhfillfidh sé ar na Stáit Aontaithe anocht.
Is as Béal an Átha Mhaigh Eo ó dhúchas iad cuid de shinsir Biden, muintir Blewitt. In 1850 a d’imigh Patrick Blewitt ar imirce as Éirinn.
Thagair sé ina óráid don 27,000 bríce a dhíol Edward Blewitt, a shin-sin-sin-seanathair an Uachtaráin Biden leis an Ardeaglais sin in 1827.
Úsáideadh na brící sin chun an ardeaglais a thógáil agus chuidigh siad le Edward Blewitt ticéid a cheannach dó féin agus dá theaghlach blianta ina dhiaidh sin le seoladh go Meiriceá in 1851.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2023/04/biden-in-ballina-002-90676938.jpg)