Tá rialacha maidir le rabhaidh shláinte i mBéarla ar dheochanna meisciúla tugtha isteach sa dlí faoi dheireadh, cúig bliana tar éis don Aire Sláinte ag an am a rá nach bhféadfaí glacadh le moladh go mbeadh na rabhaidh i nGaeilge freisin mar go gcuirfeadh sé sin moill rómhór ar an reachtaíocht.
Thug an tAire Sláinte reatha, Stephen Donnelly, feidhm an tseachtain seo d’fhoráil san Acht Sláinte Poiblí (Alcól), 2018 a fhágann go mbeidh rabhadh sláinte le cur ar lipéid deochanna meisciúla amach anseo.
Ach cé go mbeidh trí bliana eile ann sula dtiocfaidh an dlí nua i bhfeidhm, tá sé fós i gceist gur i mBéarla amháin a bheidh na rabhaidh sin.
Is in 2018 a thosaigh an plé ar cheist na bhfoláireamh tráth a ndúirt an t-iarAire Sláinte Simon Harris nach bhféadfaí glacadh le moladh maidir le lipéid dhátheangacha mar go mbeadh moill bhreise ar achtú an bhille.
Mhaígh Harris freisin gur léirigh taighde go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine. Léirigh scéal a foilsíodh ar an suíomh seo, áfach, nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh in aon chor sa taighde a luaigh an tAire.
Nuair a bhí an reachtaíocht maidir leis na lipéid ag dul tríd an Dáil in 2018, bhí an tAire Stephen Donnelly ar dhuine de na Teachtaí Dála ó Fhianna Fáil a mhol go mbeadh sé luaite sa bhille go mbeadh na rabhaidh shláinte i mBéarla agus i nGaeilge ach tá diúltaithe ag an Roinn Sláinte a bhfuil sé anois i gceannas uirthi leas a bhaint as reachtaíocht chun a chinntiú go mbeadh na rabhaidh le feiceáil go dátheangach.
Pléadh an cheist arís sa Seanad níos luaithe i mbliana ach dhiúltaigh an Rialtas arís do mholadh go mbeadh na rabhaidh in dhá theanga oifigiúla an stáit agus maíomh déanta go gcuirfeadh dualgas maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí.
Ní anseo in Éirinn amháin atá achrann ag baint leis an reachtaíocht, áfach, agus táirgeoirí alcóil agus tíortha eile san Eoraip ag cur i gcoinne an rialacháin.
Cuireadh na dréachtrialacháin faoi bhráid Choimisiún na hEorpa le roinnt míonna anuas, agus chinn an Coimisiún gan diúltú dóibh, ach tá imní léirithe ag polaiteoirí mar gheall ar an tionchar a bheidh ag an dlí nua ar an margadh aonair agus ar chomhlachtaí a bhíonn ag díol a gcuid táirgí in Éirinn.
Nuair a thabharfar feidhm don dlí mí Bealtaine 2026, beidh rabhadh sláinte ginearálta faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól, rabhadh faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól agus duine ag súil le páiste, agus rabhadh faoin nasc díreach idir ailse agus alcól, le cur ar lipéid dheochanna meisciúla.
Is í Éire an chéad tír ar domhan a bhfuil a leithéid de dhlí á thabhairt isteach ach dúirt an tAire Donnelly go bhfuil súil aige go leanfaidh tíortha eile sampla na hÉireann anois.