Tá an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a roghnaíonn daltaí don A-Leibhéal ó thuaidh agus titim mhór tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Fhraincis mar ábhar scrúduithe.
De réir tuarascáil nua a d’fhoilsigh Comhairle na Breataine i dTuaisceart Éireann an tseachtain seo, tá níos mó daltaí ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge don A-Leibhéal ná mar atá ar an Fhraincis, an chéad uair ar tharla sin.
Seachas an Béarla, an Spáinnis an teanga is mó a ndéantar staidéar uirthi ó thuaidh ag leibhéal GCSE agus A-leibhéal.
Léirítear sa tuarascáil Language Trends in Northern Ireland 2023 an laghdú mór atá tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Fhraincis mar ábhar don A-Leibhéal le scór bliain anuas.
Tá an cúlú céanna le feiceáil maidir leis an Fhraincis mar ábhar a roghnaíonn daltaí don GCSE.
In 2002, roghnaigh 13,099 dalta an Fhraincis mar ábhar don GCSE agus anuraidh, 3,151 a thug faoin ábhar don GCSE, titim 76%.
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil na figiúirí a bhaineann le líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge “seasmhach go maith” ó 2007, nuair a baineadh “a mbuaicphointe amach”.
1,980 a thug faoin scrúdú GCSE Irish anuraidh i gcomparáid le 2,748 in 2007, a deirtear sa tuarascáil.
Deirtear sa tuarascáil Language Trends Northern Ireland Report 2023 chomh maith go bhfuil an tuaisceart ‘chun deiridh’ i measc thíortha na hEorpa maidir le foghlaim teangacha ag leibhéal na bunscoile agus “an t-am ba lú” curtha ar fáil do dhaltaí sa churaclam bunscoile d’fhoghlaim teangacha.
“As na tíortha uile ar mhór-roinn na hEorpa is i dTuaisceart Éireann a chuirtear an t-am is lú ar fáil d’fhoghlaim éigeantach teangacha, d’ainneoin go dtugtar tosaíocht do theangacha ag leibhéal na bunscoile sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn,” a deirtear sa tuarascáil.
Seachas aon dea-scéal faoi chás na Gaeilge ó thuaidh, deir Seasamh Mac Eochaidh, Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn, gur tuilleadh fianaise atá sa tuarascáil nua seo faoin ghéarchéim a bhaineann le staidéar na Gaeilge agus staidéar teangacha ó thuaidh.
“Tá sé tábhachtach go gcuirtear na figiúirí i gcomhthéacs. Tháinig laghdú ar líon na ndaltaí a dhéanann staidéar ar an Ghaeilge ag GCSE ó 2665 in 2007 go 1519 in 2021, titim de 43%.
“Tá an scéal níos imníche arís ag an A-leibhéal le titim ollmhór in earnáil an Bhéarla. Cé gur ghlac 279 dalta leis an Ghaeilge ag an A-leibhéal in 2007 agus 325 in 2021, ní insíonn na figiúirí nach dtagann ach faoi 50% de na daltaí ó Earnáil [oideachais] an Bhéarla,” ar sé.
Dúirt Mac Eochaidh go bhfuil “meath córasach leanúnach” tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn Gaeilge don GCSE agus don A-Leibhéal i scoileanna Béarla.
“Ba chóir go mbeadh fás tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge mar gheall ar an fhás nach beag a tháinig ar earnáil na Gaelscolaíochta anseo.
“Tá sé soiléir nach bhfuil an cur chuige i leith theagasc na dteangacha ag teacht leis an chur chuige is fearr go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.