Deir ranna rialtais gur fíorbheagán éilimh a bhíonn ar sheirbhís i nGaeilge agus deir Roinn amháin nár lorgaíodh seirbhís i nGaeilge uathu ach cúig huaire le trí bliana anuas.
Bhí oifigigh ó cheithre cinn de ranna os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inné chun léargas a thabhairt ar an tseirbhís dhátheangach a chuireann siad ar fáil don phobal. Dúirt an ranna uile a bhí i láthair go bhfuil daoine ar fáil i ngach ceann acu gur féidir leo cumarsáid i nGaeilge a fhreagairt, bíodh sin ar an teileafón nó i scríbhinn, ach gur annamh go ndéantar teagmháil leo i nGaeilge.
Dúirt Barry Quinlan ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, nach ndeachaigh daoine i dteagmháil leis an rannóg seirbhís custaiméirí sa Roinn trí Ghaeilge ach cúig huaire le trí bliana anuas. Dúirt sé gur seirbhís i nGaeilge a cuireadh ar fáil gach uair.
“Ní tharlaíonn sé go rómhinic ach faigheann siad an freagra tapa,” a dúirt Quinlan.
Dúirt Deirdre Ní Néill nach gcoinníonn Roinn na Leanaí sonraí ar líon na nglaochanna a fhaightear i nGaeilge toisc go bhfuil sé chomh híseal.
“An uair dheireanach go bhfuaireamar glaoch gutháin as Gaeilge, go bhfios dom, ná tuairim is an Nollag,” a dúirt Ní Néill, cé go mbíonn “teagmháil shuntasach le réimse leathan custaiméirí” i gceist le hobair na Roinne, dar léi.
D’aontaigh Bairbre Nic Aongusa ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail gur annamh go mbíonn seirbhís á lorg i nGaeilge. Dúirt sí go raibh sí ar dhuine de 12 duine sa Roinn a bhí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge ach nár iarradh uirthi ach uair amháin le cúig bliana anuas freagra a thabhairt ar cheist i nGaeilge.
Dúirt Naoise Grisewood ón Roinn Iompair go raibh naonúr “ar fáil” sa Roinn sin chun seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil ach go raibh an t-éileamh “an-íseal ar fad”. Mhaígh sé, mar shampla, nach raibh iarratas ar cheadúnas tiomána faighte i nGaeilge ag an Roinn le fada.
Tá ráite ag lucht cearta teanga go minic nach mbacann cainteoirí Gaeilge seirbhís trí Ghaeilge a lorg ó ranna rialtais ná ó chomhlachtaí poiblí toisc go dtaibhsítear dóibh nach mbeidh fáil ar an tseirbhís sin, go mbeidh an tseirbhís lochtach nó go mbeidh moill ag baint léi.
Leagann Oifig an Choimisinéara Teanga béim go minic ar an ngá le seirbhísí ar chomhchaighdeán leis an mBéarla a bheith ann chun tuilleadh daoine a mhealladh chun a gcearta teanga a éileamh agus iad ag plé leis an stát. Deirtear chomh maith nach mór do chomhlachtaí poiblí é a dhéanamh an-soiléir go bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil agus ‘tairiscint ghníomhach’ a dhéanamh i leith na seirbhíse sin.
Dúirt na hoifigigh uile go dtugtar le fios ar chórais ghutháin na Rann go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil agus gur i nGaeilge a fhreagraítear gach cumarsáid a dhéantar leo i nGaeilge, rud a bhfuil dualgas orthu a dhéanamh de réir dlí.
Bhí an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Forbartha Tuaithe ina measc siúd a mhaígh nach raibh aon difríocht ama ann idir freagra a fháil ar cheist i nGaeilge agus ceann a fháil ar cheist i mBéarla.