Pléadh na cainteanna atá ar bun faoi sheirbhís nuachta TG4 a bheith neamhspleách ó RTÉ agus cothromaíocht pá do lucht Raidió na Gaeltachta le linn cuairt Ard-Stiúrthóir nua RTÉ ar Chonamara an tseachtain seo caite.
Thug Kevin Bakhurst, atá sa phost le trí seachtaine anuas, cuairt ar an fhoireann atá i mbun seirbhís Ghaeilge na heagraíochta san iarthar mar chuid dá iarracht muinín fhoireann RTÉ a fháil ar ais i ndiaidh na conspóide a bhaineann le híocaíochtaí rúnda do Ryan Tubridy.
Tuigtear gur chuir foireann Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 síos ar na fadhbanna is mian leo go rachadh Bakhurst i ngleic leo.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo le gairid go raibh fearg mhór ar bhaill foirne go leor sa dá sheirbhís a shíleann go bhfuil feall ar iontaoibh déanta ag RTÉ orthu tráth a bhfuil ciorruithe i réim i seomra nuachta TG4 agus comhionannas pá á shéanadh ar oibrithe RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Chuir baill foirne Nuacht TG4 a míshástacht agus a n-imní in iúl faoin ‘easpa eolais’ atá acu maidir leis na cainteanna atá ar bun idir RTÉ agus TG4 faoin tseirbhís nuachta agus cúrsaí reatha TG4 a scaradh ó RTÉ.
An samhradh seo caite a ghlac an Rialtas le moladh ó Choimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.
Dúirt Bakhurst nach raibh sé ag plé leis an cheist sin go fóill ach go mbeadh sé sásta tuilleadh eolais a thabhairt don fhoireann nuair a bheadh sé ábalta.
Tuigtear gur pléadh chomh maith ag an chruinniú a reáchtáladh sa seomra nuachta i mBaile na hAbhann an córas faoina bhfuil cuid den fhoireann nuachta fostaithe ar chonarthaí tríú páirtí, a chiallaíonn nach bhfuil na téarmaí fostaíochta céanna acu ná pá saoire.
Ceist í a chaithfí a réiteach, a dúirt Bakhurst.
Ag an chruinniú le foireann Raidió na Gaeltachta, thagair Bakhurst don neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.
Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire i RTÉ Raidió na Gaeltachta, grád nach ann dó aon áit eile i RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad.
Ceist í a bhaineann le stair na heagraíochta, a dúirt sé, atá á scrúdú mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl ag RTÉ faoi láthair maidir leis na gráid agus na scálaí pá uile atá i bhfeidhm san eagraíocht.
Níor thug sé aon ghealltanas don fhoireann faoi cén uair a mbeadh an t-athbhreithniú, a bhfuil moill leis, curtha i gcrích.
Dúirt Bakhurst ag an dá chruinniú go dteastaíonn athruithe móra san eagraíocht agus go raibh sé ag iarraidh cluas éisteachta a thabhairt don fhoireann maidir leis na deacrachtaí atá acu.
Cúis mhór ghearáin d’oibrithe RTÉ caighdeán an trealaimh, nach n-oibríonn mar is ceart agus an drochbhail atá ar ríomhairí nach ndearnadh uasdátú orthu le fada.
Dúirt Bakhurst go bhfuil an eagraíocht ar fad faoi bhrú mar gheall ar a laghad infheistíochta atá déanta i dtrealamh agus i réimse na teicneolaíocht le fada agus go bhfuil go leor de na deacrachtaí céanna le feiceáil sna rannóga agus réimsí eile de RTÉ.