Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tomas-o-monachain,-gniomhai-gaeilge-aitheanta-a-sheas-an-fod-do-chearta-teanga,-ar-shli-na-firinne

Tomás Ó Monacháin, gníomhaí Gaeilge aitheanta a sheas an fód do chearta teanga, ar shlí na fírinne

| Tuairisc.ie | ,

Tá Tomás Ó Monacháin, an gníomhaí aitheanta Gaeilge as Cúige Uladh, ar shlí na fírinne.

I gCill Ó Laoch ar bhruach theas Loch Cuan i gCo an Dúin a rugadh Tomás Ó Monacháin ar an 22 Márta 1927. Nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois, bhog sé féin, a dheartháir, Joe agus a thuismitheoirí, Molly agus James isteach go Béal Feirste i 1932, de bhrí go raibh an turas chuig a chuid oibre i mBéal Feirste rófhada ag a athair.

Rinne siad cónaí ar tús in uimhir a 45, Paráid Uíbh Eachach i gceantar íochtar na bhFál. Sráid phábháilte nach raibh uirthi ach carranna capaill.

Bhog siad ina dhiaidh sin chuig uimhir a 3, Sráid Nansen – ar chúl an fhoirgnimh ina bhfuil Cultúrlann Mhic Adhaimh Ó Fiaich sa lá atá inniu ann.

Bhí bácús beag baile ag a mháthair, Molly McNally, agus geallghlacadóir a bhí ina athair, James, (a chaith 28 bliain ag obair do Billy Pollock i Sráid Kent, in aice le tábhairne an Brown Horse agus níos déanaí ag Sráid Rockmount níos faide suas an bóthar.)

Uncail leis a bhí san ealaíontóir, Ailbhe Ó Monacháin, a bhí páirteach le Liam Ó Maoilíosa in eagrú an Éirí Amach i 1916 i nGaillimh. Báthadh uncail eile leis – Cathal Ó Monacháin – i gCill Orglan, Co Chiarraí, Aoine an Chéasta 1916 in éineacht le beirt óglach eile a bhí ar a mbealach le bualadh le Ruairí Mac Easmainn.

Chuaigh Tom ar bhunscoil Naomh Muire i Sráid na Beairice, a bhí foscailte ag na Bráithre Críostaí ó bhí 1929 ann.

Chuaigh sé ar mheánscoil nó coláiste theicniúil shóisearach i Sráid Hardinge, i gceantar nach raibh i bhfad ó na duganna sa chathair. Le linn an Dara Cogadh Mór, rinne ruathair aeir na Gearmáine an oiread sin damáiste do scoltacha agus d’fhoirgnimh eile sa cheantar gur bogadh suas le 350 buachaill scoile amach faoin tuath. Bhí Tom i measc na ndaltaí a fuair a gcuid oideachais in óstán i mBun Abhann Doinne i nGlinnte Aontroma, go dtí go raibh sé sábháilte pilleadh ar an chathair i 1943.

Ba ar an mheánscoil a bhí sé nuair a thug sé a chéad chuairt ar Thír Chonaill le dhul ar Choláiste Bhríghde i Rann na Feirste. Ar an traein as Béal Feirste go Doire a tháinig siad, agus ansin ar bhus isteach go Gaoth Dobhair.

Lig an bus amach iad i Mín Doire Dhamh agus cuireadh go Rann na Feirste iad. Ba i dteach Nuala Mhicí Óig i gCarraig a’ Choill ansin a bhí a chéad lóistín aige i nGaeltacht Dhún na nGall.

Phós sé féin agus Brighid Nic ‘ tSionnaigh as Béal Feirste i 1963.

I ndiaidh na meánscoile, rinne sé staidéar ar an ailtireacht. Chaith sé seal ag obair i mBaile Átha Cliath sular phill sé ar Bhéal Feirste, áit ar chleacht sé a cheird le comhlachtaí éagsúla go dtí go bhfuair sé post mar ailtire tionscadail le hIontaobhas Tithíochta Thuaisceart Éireann. Ba i nDoire don Údarás Tithíochta a chaith sé an tréimhse ó 1973-87 ag obair agus é ag taisteal as Gaoth Dobhair gach lá.

I mBéal Feirste, bhí sé ina rúnaí ar Chumann Chluain Ard, cumann sóisialta agus foghlamtha lán-Ghaeilge, neamhpholaitiúil, i gceantar íochtar na bhFál. Chuir an Cumann polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm ó 1953. Theagasc siad an teanga leis an mhodh díreach. “Is í an Ghaeilg teanga an toigh seo,” an mana a bhíodh acu! Tugadh le fios do ghluaiseacht na Poblachta san am nach bhféadfadh siad leas a bhaint as foirgneamh an Chumainn do ghníomhaíocht ar bith a chuirfeadh imní ar Phrotastúnaigh a bhíodh ag freastal ar na ranganna Gaeilge ansin.

Thug seo deis do Phrotastúnaigh a bheith páirteach i saol Gaeilge na cathrach. Theagasc Tom an Ghaeilge do na céadta a tháinig chuig na ranganna ansin, as gach áit sa chathair agus taobh amuigh di. Rinneadh an obair uilig go deonach. Chomh maith leis na ranganna teanga, teagascadh ranganna amhránaíochta agus tionóladh ócáidí sóisialta mar chéilithe agus oícheanta caidrimh. Bhunaigh siad club snámha agus rothaíochta agus is iomaí turas a rinne rothaithe Bhéal Feirste chuig Gaeltachtaí Dhún na nGall – Rann na Feirste, Gaoth Dobhair, Cloich Chionnaola agus Ros Goill.

I 1969, nuair a dhóigh buíon Dílseach Sráid Bombay in íochtar na bhFál go talamh, chuidigh lucht na Gaeilge i gceantar Chluain Ard le hatógáil na sráide. A bhuí lena cheird mar ailtire, ba é Tomás a mharcáil amach línte na dtithe sin sular tógadh an tsráid arís.

Ní ba luaithe ná sin i 1953 agus é ina ailtire óg, ba é chomh maith a mharcáil amach na línte do Pháirc úr Mhic Easmainn i mBaile Andarsain.

Choinnigh sé i dteagmháil le Gaeltacht Dhún na nGall agus é ina rúnaí ar CCA. Mheall sé cuid de shárchainteoirí agus scríbhneoirí na Gaeltachta le ranganna a theagasc sa Chumann – daoine amhail Domhnall Mac Grianna agus a dheartháir, an file Seán Bán Mac Grianna. Thug sé cuireadh do amhránaithe na Gaeltachta go Béal Feirste – leithéidí Nioclás Tóibín as An Rinn agus Seosamh Ó hÉanaigh as Conamara. I Rann na Feirste féin, thaifead sé an oiread ceoltaí agus seanchais le gléas fearógraf ‘roileán go roileán’ is gur bhaist cuid de mhuintir an cheantair sin ‘Fear an Bhocsa Dhuibh’ air!

Bhí suim aige ariamh san fheachtas ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta – fiú sular aistrigh sé as Béal Feirste chuig an Ghaeltacht. Ag an Cháisc 1966, le linn an chomóradh oifigiúil stáit ar 1916, bhí sé féin agus daoine eile i mBéal Feirste páirteach i stailc ocrais a d’eagraigh Misneach agus Máirtín Ó Cadhain sa chathair sin agus i mBaile Átha Cliath, mar agóid in aghaidh fhaillí an rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

I ndiaidh sé bliana de chaint faoi, i 1969 shocraigh Tomás agus grúpa de theaghlaigh Ghaeilge Bhéal Feirste scéim úrnua tithe a thógáil a bheadh go hiomlán i nGaeilge. Bhí ocht dteach san iomlán ar Bhóthar Seoighe, an chéad Ghaeltacht uirbeach le 100 bliain. Ba é a mhol go gcuirfí cáipéisí seilbhe Chumann Chluain Ard i lámha bainc, d’fhonn iasacht droichid a fháil leis an scéim a thógáil. Labhair sé le bainisteoir Bhanc Mumhan agus Laighean a bhí suite san am os comhair Pháirc Dunville. Míníodh an plean do na baill i gcruinniú speisialta agus glacadh leis. Rinne Tom bainistiú ar cheannacht an ábhair agus ar thógáil na scéime. I ndiaidh do theaghlaigh bogadh isteach sa scéim, bhí gá le scoil. I 1971 bunaíodh Bunscoil Feirste – an chéad bhunscoil Ghaeilge ariamh sna sé chondae.

I 1973 áfach, de bharr tuairimí difriúla faoi threo oideachais an togra teanga agus tithíochta sin, d’aistrigh Tomás agus a chlann go Gaoth Dobhair lena gclann a thógáil i nGaeltacht a raibh aithne mhaith aige uirthi cheana féin.

I 1976 a thosaigh an Stát ag tabhairt trioblóide dó mar Ghaeilgeoir. Le linn dó a bheith ag fanacht le talamh a cheannacht ar an Ard Donn i nGaoth Dobhair, pháirceáil sé carbhán dá chlann óg ar bhóthar dúnta i Mín Doire Dhamh le cead ón té ar leis an talamh. Chuir fear eile, nárbh as an cheantar é, ina éadan, áfach, agus d’iarr sé ar an Chomhairle Condae an dlí a chur i bhfeidhm as sárú rialacha pleanála.

Nuair a tháinig an cás sin os comhair Chúirt Dúiche an Bhun Bhig i mí Eanáir 1976, d’éiligh Tomás go n-éistfeadh an breitheamh an cás i nGaeilge – gan cuidiú ó ateangaire. Thagair sé leis an bhreitheamh Patrick Keenan Johnson d’Alt 71 de Acht na gCúirteanna Breithiúnais 1924. Diúltaíodh dá iarratas agus gearradh fíneáil air. Trí mhí ina dhiaidh sin tharla an rud céanna sa chúirt chéanna leis an Bhreitheamh Michael Larkin agus dhiúltaigh Tomás glacadh le dlínse na cúirte. Gearradh fíneáil air nár íoc sé agus i Meitheamh 1976, tugadh chuig Príosún Mhuinseo é. Dhiúltaigh an Ardchúirt dhá uair dá iarratas habeas corpus, ach i ndiaidh ceithre lá scaoileadh saor é agus deis aige achomharc a dhéanamh chuig an Chúirt Uachtarach faoi dhiúltú habeas corpus.

Éisteadh a chás san chúirt uachtarach i 1979 agus é ag éileamh dearbhú gur theip ar an Stát a dhualgas a chomhlíonadh breitheamh le Gaeilge a cheapadh sa Ghaeltacht. I bhfómhar 1982, dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach d’iarratas Uí Mhonacháin gur theip ar an Stát dualgais teanga a chomhlíonadh. Caitheadh amach an cás agus ba air a fágadh na costais uile.

I ráiteas ó Chonradh na Gaeilge ag an am, dúirt siad gur chiallaigh an breithiúnas go bunúsach ‘cé go bhfuil de dhualgas ar an Stát breithiúna a cheapadh le Gaeilge sa Ghaeltacht, nach bhfuil sé de dhualgas ar an bhreitheamh sin aon Ghaeilge a úsáid sa chúirt Ghaeltachta’.

Dúirt Coiste Ghlór na nGael i nGaoth Dobhair ag an am gur ‘íobairt mhór agus obair mhór…’ an rud a rinne sé.

‘D’fhéadfadh sé éalú uaidh go furast agus an Béarla a úsáid, ach bhí prionsabal i gceist de thairbhe na Gaeilge agus mhuintir na Gaeltachta.’

Tá an cás cúirte Ó Monacháin v An Taoiseach srl., i measc na gcásanna is iomráití i stair chearta dlíthiúil teanga in Éirinn.

Bhí sé ina bhall den ghluaiseacht teanga Cearta Gael i nGaeltacht Dhún na nGall, feachtas a d’éiligh cearta teanga sna cúirteanna agus Gaeilge amháin ar chomharthaíocht bóthair sa Ghaeltacht.

Cosúil le go leor eile, ba mhian leis a shaol a chaitheamh agus a chlann a thógáil tré Ghaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt a chlann áfach, nach aisling ar fad a bhí san oideachas Gaeltachta i nGaoth Dobhair agus ba mhinic iachall air teagasc, téacsleabhair agus eiseamláir Ghaeilge a éileamh dá pháistí i mbunscoileanna agus i meánscoil Ghaoth Dobhair.

Chuir sé comhairle ar chuid mhaith grúpaí pobail sa Ghaeltacht maidir le beartais phleanála agus an tionchar díobhálach a d’fhéadfadh bheith ag scéimeanna tithíochta ar an teanga muna mbeadh aon choinníoll teanga leo. Bhí suim aige fosta i bpleanáil phoiblí chiallmhar. Ghlac sé páirt ghníomhach in éisteachtaí ó bhéal agus in agóidí poiblí in aghaidh piolóin leictreachais os cionn talaimh ag dul ó Ghaoth Dobhair go Gaeltacht láir Dhún na nGall. Chuidigh sé le Coiste Pobail Mhachaire Rabhartaigh ina n-aighneacht siúd maidir le scéim tithíochta sa cheantar sin. Nuair a moladh aerstráice a thógáil i Machaire Gathlán i nGaoth Dobhair, níor aontaigh Tom leis an mholadh, de bhrí go scriosfadh sé ceantar álainn cois farraige agus nach dea-chleachtas pleanála don Ghaeltacht a bheadh ann, dar leis.

I 1992 bhunaigh sé féin agus a chara, Pádraig Mag Giolla Ruaidhe, Coiste Comórtha an Ath. Mícheál Ó hÍceadha, agus ag eascairt ón aiste chomórtha le Pádraig ‘Ollscoil Shaor Ghaelach – tús leighis ar easpa básmhar’, d’fhoilsigh siad sraith de plépháipéir dar teideal  OLLSCOIL – a thug cuntas ar staid na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an am agus a rinne moltaí fónta faoi bhunú ollscoil neamhspleách Ghaeilge.

I 2020, dúirt sé nach mbeadh sé sásta páirt a ghlacadh i gclár faisnéise faoi Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ná in aon chlár ar TG4 nó BBC a mbeadh fotheidil éigeantacha Bhéarla orthu.

Fear léannta, ach gan mórtas a bhí ann, agus roinn sé a chuid eolais go fial. Chuidigh sé leis an iliomad scoláire agus daoine fásta a tháinig chuige agus iad i mbun staidéar acadúil ar stair na Gaeilge i gCúige Uladh agus ar ábhair eile. Ba mhinic a chuir sé comhairle (gan táille) ar dhaoine ina cheantar féin faoi chúrsaí pleanála, tithíochta agus talaimh. Bhí suim aige sa pheil agus san iománaíocht. Ina óige, d’imir sé féin agus a dheartháir, Joe, do Chumann Naomh Eoin i mBéal Feirste.

Dúirt a chlann go raibh sáreolas ag Tom ar an stair, ar an teanga, ar an fhoclóireacht, agus ar an litríocht.

“Bhí spéis aige sna logainmneacha, sa tSuirbhéireacht Ordanáis agus san amhránaíocht. Ba mhinic é féin agus a bhean, Brighid ag An Oireachtas, ó d’fhreastail siad ar a gcéad cheann sna 1950idí.

“Bhí aithne mhaith orthu agus cairde acu ar fud na tíre dá bharr.  Fear séimh, cineálta agus greannmhar a bhí i Tom a raibh dúil mhór aige i gcuideachta. Ghlac sé páirt ghníomhach i saol sóisialta agus cultúrtha a cheantair féin agus in imeachtaí sóisialta na Gaeilge go náisiúnta. Go deimhin, ba bheag cruinniú poiblí faoi chúrsaí teanga nó pleanála a chaill sé go dtí go dtáinig meath ar a shláinte i ndeireadh a shaoil.”

Maireann a bhean chéile, Brighid agus a seisear clainne.

Níos mó