Chruinnigh na mílte cois cladaigh i mBré ar maidin, mar a raibh corp Shinéad O’Connor á aistriú go dtí láthair a hadhlactha ag seirbhís phríobháideach.
Stop an tsochraid lasmuigh den teach a mbíodh Sinéad O’Connor ina cónaí ar feadh 15 bliain, agus chaith daoine bláthanna os cionn an eileatraim, a raibh bratacha Bród agus LGBTQ+ crochta trasna air.
Go moch ar maidin a thosaigh an slua ag bailiú taobh amuigh den teach agus fágadh go leor bláthanna agus cártaí ann.
Bhí ceol Bob Marley agus a amhrán ‘Natural Mystic’ le cloisteáil ó veain a bhí ar cheann na sochraide.
Dúirt muintir O’Connor go dtabharfaí deis do dhaoine ómós a thabhairt di nuair a rachadh a sochraid tríd an mbaile i gCill Mhantáin.
Príomh-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, Dr Umar Al-Qadri, a bhí i mbun na bpaidreacha ag an tseirbhís agus dúirt sé gur fhulaing Sinéad O’Connor an-chuid cruatain le linn a saoil ach gur thug a cuid ceoil sólás mór do dhaoine ar fud an domhain.
“Bhí glór ó nádúr aici ar éirigh leis dul i bhfeidhm ar ghlúin daoine óga agus bhainfeadh sí na deora as an éisteoir lena cumas diamhair.”
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2023/08/039sinead-o-connor-funeral-90686082.jpg)
Dúirt sé go raibh an dóchas “go bhféadfá do shlí a dhéanamh abhaile i gcónaí” le brath chomh maith i nglór Shinéad.
Tógáil croí a bhí ina cuid ceoil do dhaoine ar dhaoine ar fud an domhain, a dúirt Umar Al-Qadri.
D’fhreastail an Taoiseach Leo Varadkar, Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go mbeadh sé féin agus a bhean Saidhbhín ag freastal ar an tseirbhís sochraide.
Dúirt an tUachtarán gur léirigh an racht bróin i ndiaidh bhás an amhránaí agus an t-ómós mór a bhí léirithe ag daoine dá saothar an lorg mór a d’fhág sí ar mhuintir na hÉireann.
“Saothar ar leith Shinéad, léirigh sé an taithí a bhí aici ar bheith an-leochaileach ach chomh maith leis sin bhí cruthaitheacht dhiamhair ag baint leis a shocraigh sí a chur trasna lena glór, a ceol agus a hamhráin.”
Thángthas ar chorp Shinéad O’Connor ina hárasán i Londain ar an 26 Iúil. Bhí sí 56 bliain d’aois.
Ó shin i leith, tá ómós á léiriú ag daoine ar fud an domhain don amhránaí atá aitheanta mar dhuine de na ceoltóirí is fearr, is suaithinsí agus is neamheaglaí lena linn.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2023/08/047sinead-o-connor-funeral-90686105.jpg)