Tá feachtas fógraíochta i nGaeilge ar siúl ag an HSE do shuíomh idirlín do thuismitheoirí nua, suíomh nach bhfuil focal Gaeilge air.
Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvi, go bhfuil “díomá agus alltacht” uirthi gur i mBéarla amháin atá an t-eolas go léir ar mychild.ie, suíomh a bunaíodh nach mór cúig bliana ó shin le tacú le tuismitheoirí.
Tá feachtas fógraíochta náisiúnta i nGaeilge á reáchtáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do MyChild.ie ar an teilifís agus ar ardáin eile faoi láthair. Díríonn an feachtas Gaeilge ar aird daoine a tharraingt ar an áis do thuismitheoirí, cé nach bhfuil oiread agus focal amháin ar an suíomh i nGaeilge.
Dúirt Paula Melvin, ar saolaíodh a céad leanbh sé seachtaine ó shin, gur “acmhainn eolais iontach” é MyChild.ie do thuismitheoirí nua ach go raibh “neamhaird ar fad” á déanamh de thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge.
“Máthair mé le sé seachtaine anuas agus seo ceann de na chéad teagmhálaithe atá agam leis an HSE mar mháthair agus caithfidh mé a rá gur údar díomá ollmhór é nach bhfuil aon Ghaeilge ar an suíomh.”
Dúirt Melvin gur sampla atá sa suíomh mychild.ie de na “constaicí” atá roimh thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.
“Is eolas ríthábhachtach atá ann ach is i mBéarla amháin atá sé ar fáil. Ba cheart go mbeadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge,” a dúirt sí.
Cuirtear eolas ar fáil ar MyChild.ie faoin toircheas, faoin bhreith, faoi leanbh a bheathú, faoi chúrsaí meabhairshláinte agus eile.
Tá fógra teilifíse i nGaeilge á chraoladh faoi láthair ar mhaithe le poiblíocht a fháil do MyChild.ie agus tá físeáin Ghaeilge curtha amach ar na meáin shóisialta ag an HSE freisin chun daoine a chur ar an eolas faoin suíomh aonteangach Béarla.
Dúirt Urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur léiriú é an suíomh ar an tslí a mbíonn an Stát “ag brú Béarla” ar thuismitheoirí atá ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge.
“In áit tacú leo siúd, tá an Stát ag brú Béarla orthu ar gach bealach – níl naíonraí ar fáil, níl dóthain spásanna i nGaelscoileanna ann, tá an córas chun pátrúin iarbhunscoile a roghnú claonta in aghaidh na Gaeilge, agus tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte de shíor ag cur eolais agus seirbhísí ar fáil i mBéarla amháin in ainneoin go bhfuil teaghlaigh le Gaeilge ag brath orthu, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, gur léir nach bhfuil “aon cheacht foghlamtha” ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a ndearnadh cáineadh géar orthu mar gheall ar a laghad eolais a scaip siad i nGaeilge le linn na paindéime.
“Tá tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí agus cúnamh ar líne a sholáthar trí Ghaeilge maidir le cúram luathbhlianta agus teaghlaigh, má táimid dáiríre faoi níos mó teaghlach a spreagadh le páistí a thógáil trí Ghaeilge.
“Caithfidh muid a chinntiú go bhfuil sé sin san áireamh sna Caighdeáin Teanga nua do chomhlachtaí stáit atá á n-ullmhú ag an Rialtas agus go mbeidh dualgas ar an FSS amach anseo,” a dúirt Ó Snodaigh.
I ráiteas a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil faoin scéal, dúradh nach bhfuil aon dualgas reachtúil faoi láthair ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte eolas a scaipeadh i nGaeilge toisc nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag an eagraíocht leis an Aire Sláinte.
“Níl aon dualgas reatha ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhís dhátheangach a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, mura bhfuil a leithéid de ghealltanas tugtha i scéim teanga an chomhlachta. I gcás an FSS, níl aon scéim teanga náisiúnta daingnithe aige leis an Aire.
“D’fhéadfadh sé áfach, le teacht na gCaighdeán in áit na scéimeanna in am trátha, go mbeadh a leithéid de dhualgas leagtha ar chomhlachtaí poiblí ach faoin staid reatha, níl,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin scéal.