Tá an HSE ag súil cur leis an nGaeilge ar a suíomh ach a mbeidh siad bogtha go dtí córas nua a bhfuil ‘cumas níos fearr’ aige ábhar i nGaeilge a láimhseáil.
Mar a tuairiscíodh anseo inné, tá feachtas náisiúnta fógraíochta i nGaeilge ar siúl faoi láthair ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do MyChild.ie, suíomh nach bhfuil focal Gaeilge air.
Dúirt urlabhraí ón bhFeidhmeannacht le Tuairisc go rabhthas ag súil le cur leis an ábhar Gaeilge a chuireann siad ar fáil nuair a bhogtar an suíomh go dtí córas nua.
Ní fhéadfadh sé a rá, áfach, an raibh MyChild.ie, a seoladh nach mór cúig bliana ó shin, i measc na n-áiseanna a rabhthas ag súil Gaeilge a chur orthu.
“Níl leagan Gaeilge againn den rannóg mychild.ie de shuíomh an HSE faoi láthair. Táimid ag bogadh faoi láthair go dtí córas bainistíochta inneachair nua do shuíomhanna idirlín, córas a bhfuil acmhainn aige ó thaobh na Gaeilge de agus a chuireann ar do chumas ábhar aistrithe a chur ar fáil i bhfad níos éasca.
“Le dhá bhliain anuas tá cuid den ábhar is mó a dtugtar cuairt air aistrithe againn…Tá ábhar againn [I nGaeilge] faoin toircheas, faoin gcothú cíche agus faoi shláinte na máthar i ndiaidh na breithe.
“Táimid ag obair ar ábhar i nGaeilge a chur ar fáil i rannóga eile ar an suíomh de réir a chéile, agus beidh an soláthar seo bunaithe ar cad iad na rannóga is mó ar HSE.ie a dtugann an pobal cuairt orthu.”
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, go raibh “díomá agus alltacht” uirthi gur i mBéarla amháin atá an t-eolas go léir ar mychild.ie, suíomh a bunaíodh nach mór cúig bliana ó shin le tacú le tuismitheoirí.
Tá feachtas fógraíochta náisiúnta i nGaeilge á reáchtáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do MyChild.ie ar an teilifís agus ar ardáin eile faoi láthair. Díríonn an feachtas Gaeilge ar aird daoine a tharraingt ar an áis do thuismitheoirí, cé nach bhfuil oiread agus focal amháin ar an suíomh i nGaeilge.
Dúirt Paula Melvin, ar saolaíodh a céad leanbh sé seachtaine ó shin, gur “acmhainn eolais iontach” é MyChild.ie do thuismitheoirí nua ach go raibh “neamhaird ar fad” á déanamh de thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge.