An todhchaí
Le Katie McGreal
Tá an samhradh ag teacht chun deireadh, rud a chiallaíonn go bhfuil go leor daltaí ag fanacht ar thorthaí ardteiste a thiocfaidh amach go luath. Is torthaí iad seo a inseoidh do go leor cén ollscoil nó coláiste an rachaidh siad chuige, nó nach rachaidh ag braith ar na torthaí seo. Mar sin, is féidir leis na seachtainí seo nó fiú na míonna seo a bheith deacair go leor ar dhaltaí agus tuismitheoirí agus iad ag fanacht. Níl a fhios acu céard a dhéanfaidh siad an bhliain acadúil atá ag teacht go dtí go mbeidh na torthaí seo acu.
Nuair a rinne mise an ardteist, cuireadh inár leith gur seo ná scrúdaithe is tábhachtaí go ndéanfaimid riamh agus go raibh ár saol iomlán ag braith ar na torthaí seo. Ach fiú ag an am sin, bhí a fhios agam nach sin mar a bhí sé. Tá na torthaí seo tábhachtach ach ní deireadh an domhain iad.
Tá go leor bealaí éagasúla leis an rud atá tú ag iarraidh déanamh a dhéanamh. Má tá do chroí istigh in rud faoi láthair agus tá tú go hiomlán dírithe ar sin, beidh sé ann an bhliain seo chugainn nó i gceann cúpla bliain a braith ar an gcúrsa a gheobhaidh tú.
Mar shochaí, chuireann muid go leor leor béime ar na scrúdaithe áirithe seo agus mothaíonn na daltaí an brú seo ó thús an cúigiú bliain nó fiú níos luaithe! Ach is rud agus eachra amháin é i do shaol. Bíonn an cuid is mó do dhaoine 18 mbliain d’aois nuair a dhéanann siad an ardteist agus níl ansin ach an tús an saoil.
Nuair a bhí mise ar scoil labhair na múinteoirí faoin ardteist agus na torthaí amhlaidh is go raibh siad le cinntí mo shaol ar fad a dhéanamh. Ní dhearna, agus ní dhéanfaidh d’aon duine. Rinne mé Fiontar; Gnó agus Gaeilge agus chuaigh mé caol díreach isteach go domhan na hiriseoireachta agus anois is múinteoir aireachais mé. Ní fhéadfaidh éinne a rá liom ag tús mo chéim go mbeadh mé anois ag múineadh ach sin mar a tharla sé agus níl a fhios ag éinne céard a tharlóidh dóibh féin amach anseo, leis nó gan na torthaí seo.
Tuigim go bhfuil siad tábhachach ach tá siad tábhachtach go pointe! Cibé torthaí a bheidh agat, pé cúrsa a dhéanfaidh tú nó má thógann tú bliain amach foghlaimeoidh tú rud éigin! Foghlaimeoidh tú fút féin agus beidh eispéireas éigin agat a chabhróidh leat amach anseo sa saol.
D’fhoghlaim muid uilig le linn 2020 nach bhfuil smacht againn ar mórán rudaí sa saol seo agus torthaí na hardteiste ag an bpointe seo agus cén cúrsa coláiste nó ollscoile a dhéanfaidh tú ceann de na rudaí sin ach pé rud a tharlóidh beidh tú ceart go leor. Beidh gach rud ceart go leor.
Anáil isteach go mall, anáil amach go mall agus bain sult as an saol cibé rud a tharlóidh mar beidh rudaí maithe ann! Níl mórán gur féidir linn a bheith cinnte faoi ach is féidir linn a bheith cinnte faoi athraithe agus go mbeidh muid in ann rudaí maithe a aimsiú sa suíomh, cibé rud a tharlaíonn!