Gaeilge24
Gaeilge24
@ Uimhir 6, Conradh na Gaeilge
Grúpa Comhrá Imeacht don ÓigeTá ár bpríomhimeacht den chéad scoilthéarma Gaeilge24 ar ais arís ar an 14 Samhain 2023! Dúshlán iontach don rang, don bhliain nó don scoil ar fad agus aidhm shimplí ag baint leis – an Ghaeilge a labhairt don lá ar fad. Táimid ag tnúth le breis is 300 scoil agus 30,000 dalta a bheith páirteach arís i mbliana.
Tá Gaeilge24 ag díriú isteach ar thodhchaí na Gaeilge an uair seo, agus tá clár imeachtaí speisialta curtha le chéile againn don lá.
Cláraigh go luath le pacáiste a fháil laistigh de sheachtain, ina bhfuil cártaí urraíochta & póstaeir don scoil (Spriocdháta 25 Deireadh Fómhair) ag www.cnag.ie/Gaeilge24