Deir iar-aire Gaeltachta gur gá cruinniú práinneach a reáchtáil nuair a fhillfidh polaiteoirí ar Theach Laighean an mhí seo chun plé a dhéanamh ar “an easpa dul chun cinn” atá déanta i leith mhórsprioc na reachtaíochta teanga.
Dúirt an t-iar-aire agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go bhfuil sé “soiléir” faoin tráth seo nach mbainfear amach an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, mórsprioc na reachtaíochta teanga a tugadh isteach ag deireadh 2021.
Tá Ó Cuív ag maíomh le fada go bhfuil obair i bhfad níos mó le déanamh más tá dóthain daoine oilte le bheith fháil chun na poist a bheidh ann do Ghaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a líonadh amach anseo. Tuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal atá ag teastáil ar bhonn práinne chun freastal ar an éileamh a bheidh ann, a deir Ó Cuív.
Faoi láthair, níl ach líon beag cúrsaí bunchéime sa stát ina ndéantar an teagasc trí Ghaeilge agus cúrsaí múinteoireachta iad leath acu. Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris níos luaithe i mbliana go bpléifeadh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas conas is fearr freastal ar an éileamh breise a bheidh sa tseirbhís phoiblí ar chainteoirí líofa Gaeilge amach anseo.
Ach deir Ó Cuív go bhfuil an iomarca ama caite cheana féin agus gan dul chun cinn a dhéanamh.
“Tá an tAcht i bhfeidhm anois níos mó ná bliain go leith ach níl aon rud le feiceáil ar an talamh,” arsa an Teachta Ó Cuív.
“Tá muid anois ag tosú ar 2023-24 agus d’fhéadfadh go dtógfadh sé ceithre nó cúig bliana a dhuine MA a bhaint amach, mar shampla. Fágann sé sin go mbeidh sé beagnach 2030 sula dtiocfaidh na céad chéimithe lán-oilte amach agus gan aon taithí oibre fós acu.”
Tá an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge bunaithe ag an rialtas le Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun an sprioc 20% a bhaint amach, ach deir Ó Cuív go bhfuil “an tír á marú ag an bpleanáil” agus go bhfuil sé in am gníomhú.
“An cheist atá ann, an coiste iontach seo a bunaíodh, an bhfuil aon rud tagtha as fós? Ní léir domsa go bhfuil,” ar sé.
“Tá sé in am tosú ag gníomhú. Ba cheart go mbeadh an phleanáil seo ar bun ó foilsíodh an bille, nó roimhe sin.”
“Sílim féin go mba cheart cruinniú práinneach a bheith againn anois nuair a thiocfaidh [Coiste Gaeilge an Oireachtais] ar ais sa bhfómhar leis an gceist seo a phlé. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.”
Deir Ó Cuív go bhfuil freagracht ar an rialtas anois cloí leis an sprioc 20% ach gur ar éigean a éireoidh leo “cloí leis an dlí”.
Deir sé freisin nach léir cén pionós a bheidh ar an stát mura mbainfear an sprioc amach.
“Leis na dualgais atá ann maidir le comharthaíocht, tá sé an-éasca dul go dtí an Coimisinéir [Teanga] agus a chinntiú go gcloítear leo ach mura bhfuil daoine [le Gaeilge] á bhfostú mar nach bhfuil siad ann le fostú, céard a bheidh an Coimisinéir in ann a dhéanamh?”
Dúirt an t-iar-Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, anuraidh go mbeadh sé nach mór dodhéanta sprioc earcaíochta an rialtais a bhaint amach mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.
Léirigh taighde a rinne Conradh na Gaeilge nach ndéanann ach thart ar 1% de mhic léinn cúrsa tríú leibhéal, nó cuid de chúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an eagraíocht teanga ag iarraidh go gcuirfí tuilleadh cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge agus go n-ardófaí an céatadán sin go dtí 5% amach anseo.