Níl aon chinneadh déanta go fóill ag Rialtas na hÉireann faoi iarratas rialtas na Spáinne go mbronnfaí an stádas céanna san AE is atá ag an nGaeilge ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.
Tá leid láidir tugtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin, áfach, go mbeifear ag tacú le hiarratas na Spáinne ar stádas oifigiúil do na trí theanga.
Mar chuid d’idirbheartaíocht iarthoghcháin a rinne Rialtas na Spáinne an t-iarratas ar stádas oifigiúil do na trí theanga.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go raibh sé róluath cinneadh críochnúil a dhéanamh faoi iarratas na Spáinne.
Tá an Spáinn ag iarraidh go bpléifí a gcás ag cruinniú de Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an AE Dé Máirt seo chugainn, an 19 Meán Fómhair.
“Tá sé róluath d’Éirinn faoi láthair seasamh críochnúil a ghlacadh faoi mholadh rialtas na Spáinne gan na sonraí ar fad a bheith againn agus gan aon chur i láthair foirmeálta a bheith déanta go fóill,” arsa Micheál Martin.
“Mar sin féin, bhí Éire i gcónaí go láidir ar son an iolrachais i gcúrsaí teanga agus ar son tacú le saoránaigh an AE teacht ar an oiread eolais agus is féidir faoin Aontas agus a chuid institiúidí agus cuirfear an méid sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ag Éirinn faoin seasamh a bheidh againn sa phlé a dhéanfar ag an gComhairle.”
Tuairiscítear go bhfuil ballstáit áirithe de chuid an AE ag cur cos i bhfeac mar gheall ar an iarratas agus iad buartha faoi chostas aistriúcháin agus go spreagfaí a thuilleadh iarratas dá leithéid.
Chun go mbeadh an stádas céanna ag teangacha comhoifigiúla na Spáinne, chaithfeadh Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh a dhéanamh d’aon ghuth a rialacháin a leasú.
Is faoin Spáinn a bheadh sé tacaíocht na mballstát eile go léir a fháil don phlean stádas oifigiúil a bhronnadh.
Bhí freagra á thabhairt ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin ar cheist a chuir Marc Ó Cathasaigh, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, air.
Chuir Rialtas na Spáinne an t-iarratas faoi bhráid an AE mar chuid den iarracht atá ar siúl ag Pedro Sánchez tacaíocht a mhealladh ó pháirtithe eile chun rialtas a bhunú agus fanacht ina Phríomh-Aire.
D’fhág toradh neamhchinnte olltoghchán na Spáinne mí Iúil go raibh ar Sánchez, ceannaire an PSOE, na sóisialaithe, margadh a dhéanamh le páirtithe na Catalóine agus Thír na mBascach agus tá an t-éileamh ar stádas do na trí theanga mar chuid den mhargadh sin.
I litir a sheol Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, José Manuel Albares, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh an mhí seo caite, dúirt sé gur chóir teangacha oifigiúla eile na Spáinne a chur leis an liosta 24 teanga a bhfuil stádas oifigiúil san AE acu.
In 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga in 2007.
Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.
Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.
In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022.