Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
stadas-oraiste-baisti-do-chorcaigh,-port-lairge-agus-ciarrai-agus-stoirm-agnes-ag-deanamh-a-bealaigh-aniar

Stádas Oráiste báistí do Chorcaigh, Port Láirge agus Ciarraí agus Stoirm Agnes ag déanamh a bealaigh aniar

| Tuairisc.ie | ,

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar an bpobal faoin lá inniu mar go bhféadfadh tuilte a bheith le cósta, an léargas a bheith go dona ar bhóithre agus an baol a bheith ann go leagfaí crainnte agus go réabfaí an chumhacht aibhléise in áiteanna

Stádas Oráiste báistí do Chorcaigh, Port Láirge agus Ciarraí agus Stoirm Agnes ag déanamh a bealaigh aniar

Tá Stádas Oráiste báistí i bhfeidhm do Chorcaigh, Port Láirge agus Ciarraí agus Stoirm Agnes ag déanamh a bealaigh aniar inár dtreo.

Tá an rabhadh oráiste báistí eisithe do na trí chontae ó dheas agus beidh sin i bhfeidhm óna 9.00 ar maidin go dtí a 3.00pm inniu agus tá ráigeanna troma fearthainne, a bheidh ina tuile ar uairibh, á tuar chomh maith le ropadh an-láidir gaoithe agus séideáin thréana.

Tá rabhadh stádas buí gaoithe agus báistí fógartha do Chúige Laighean agus Cúige Mumhan go léir. Tá fainic curtha ag Met Éireann ar an bpobal faoin lá inniu mar go bhféadfadh tuilte a bheith le cósta, go bhféadfadh an léargas a bheith go dona ar bhóithre agus go mbeadh dúshláin ag baint le bheith ag taisteal. Tá an baol an freisin go leagfaí crainnte agus go bhféadfadh an chumhacht aibhléise a bheith réabtha in áiteanna.

Stoirm Agnes, réimse domhain lagbhrú os cionn thuaisceart na hEorpa, a bheidh ag déanamh a slí ó thuaidh os cionn na hÉireann ar an gCéadaoin is cionsiocair le drochaimsir an lae amárach.

Ní éalóidh na críocha ó thuaidh den teorainn ón tsíon seo ach an oiread agus tá rabhadh buí stoirme eisithe do na sé chontae sin – Aontroim, Ard Mhacha, An Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire. Tá an fhainic sin i bhfeidhm ón 12.00pm inniu go dtí a 7.00pm amárach, an Déardaoin.

Agus é ag caint faoin bhfógra aimsire inné, dúirt Gerry Murphy, meitéareolaí sinsearach le Met Éireann, gur ‘buí láidir, oráiste íseal’ a bheadh an Stoirm Agnes seachas a bheith ollscriostach ar fad nó ina “stoirm apacailipteach”.

Beidh sé tirim agus an-ghaofar inniu agus beidh báisteach throm ar fud na tíre uile ar feadh tréimhsí agus tá an baol ann go mbeidh fuarlaigh in áiteanna anseo is ansiúd.

Beidh sé ina stoirm nó an-ghaofar go deo ar feadh tamaill in oirthear agus i ndeisceart na tíre agus d’fhéadfadh cuid de na siotaí tréana gála sin díobháil a dhéanamh. Tá an chontúirt ann go mbeadh tuilte leis an gcósta thoir agus theas de bharr séideán láidir gaoithe i dtreo an chladaigh agus farraigí arda. Idir 14 agus 17 céim Celsius is airde a bheidh an teocht agus gaoth láidir nó gála ag séideadh anoir aneas, agus í ag athrú léi aniar amach sa lá.

Is í Agnes an chéad stoirm a raibh ainm tugtha di a bhí againn an séasúr seo agus Oifig Aimsire na Ríochta Aontaithe a bhaist í. Táthar ag tuar go mbaileoidh Agnes soir ó thuaidh i dtreo na hAlban anocht ach athraitheach go maith a bheidh an aimsir an chuid eile den tseachtain seo.

Beidh an oíche anocht gaofar agus siotaí tréana gaoithe aniar chugainn ach lagfaidh sí le mar a bhailíonn Agnes léi i dtreo na hAlban. San oirthuaisceart, beidh ráigeanna troma báistí ach glanfaidh sin agus beidh corrthamall gile ann agus múraíl scaipthe. Idir 9 agus 12 céim Celsius is fuaire a bheidh an teocht ansin.

Corrthamall glan geal agus múraíl scaipthe atá á thuar anseo le tús an lae amárach, an Déardaoin. Leis an iarnóin, scaipfidh báisteach throm léi soir ó chósta an Atlantaigh agus gealfaidh sé san iarthar le teacht an tráthnóna.

Idir 14 agus 17 céim Celsius a bheidh an teocht agus séideáin ghaoithe ann.

Níos mó