Tá Conradh na Gaeilge roghnaithe ag Ard-Mhéara Bhéal Feirste mar cheann de na carthanachtaí a dtacóidh sé leo agus é in oifig.
D’fhógair an Comhairleoir Ryan Murphy go raibh an eagraíocht teanga roghnaithe aige mar an carthanacht deireanach a roghnóidh sé le tacú leo sa bhliain atá aige in oifig.
Dúirt an Comhairleoir Murphy go raibh “lúcháir” air Conradh na Gaeilge a roghnú agus go raibh an eagraíocht “chun tosaigh i gcur chun cinn agus i gcosaint stair shaibhir na Gaeilge” ar fud Bhéal Feirste.
“Mar Chomhairle, tá muid tiomanta dá chinntiú go mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu sa chathair seo agus an éagsúlacht ag fás agus ag leathnú inti, mar chathair,” a dúirt Ard-Mhéara Bhéal Feirste. “Tá súil agam, agus mé ag obair lámh ar lámh le foireann dhíograiseach agus oibrithe deonacha Chonradh na Gaeilge, go dtig liom a bheith páirteach i scéal na Gaeilge a insint agus spreagadh a thabhairt do dhaoine eile an nasc níos leithne atá acu le hoidhreacht agus forbairt na cathrach seo a fhiosrú.”
Bhuail an tArd-Mhéara le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i Halla na Cathrach insíodh dó faoi na seirbhísí a chuireann siad ar fáil i mBéal Feirste faoi láthair.
Agus é ag gabháil buíochas leis an Ard-Mhéara agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh “clú náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte” amach ag Béal Feirste le blianta beaga anuas maidir “le hathbheochan agus athneartú” na Gaeilge.
“Tá Conradh na Gaeilge millteanach bródúil bheith ábalta tacú leis na hiarrachtaí athbheochana atá faoi lán seoil i láthair na huaire. Agus muid anois ag obair i dtreo chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh, a mbeidh tionchar iontach dearfach aici ar phobal na Gaeilge agus eile.
“Tá céimeanna móra maithe tógtha chun tosaigh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste fosta le dornán beag blianta anuas ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de. Sa bhliain seo atá amach romhainn tá muid ag súil le polasaí nua Gaeilge atá láidir agus ceannródaíoch ann féin, mar aon le himeachtaí móra chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge le Energia, i measc neart rudaí eile.”
D’fhógair an Comhairleoir Ryan Murphy roimhe seo a thacaíocht do thrí ghrúpa áitiúla eile i mBéal Feirste – an tSeirbhís Tarrthála Pobail atá bunaithe go deonach, an eagraíocht tacaíochta meabhairshláinte TAMHI agus Kids Together, a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais éagsúla acu.