An tSamhain chugainn, tráth airneáin is seanchais, agus Cumann Béaloidis Chonamara ag tabhairt faoi shéasúr eile cainteanna is comhluadair.
Cuirfear tús le féasta na bliana seo an Déardaoin beag seo, an 26 Deireadh Fómhair, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Beirt chlainne le Coilmín Ton Val, fear a raibh aithne mhór ag pobal Chonamara air a chuirfidh tús leis an mbiaiste an fómhar seo.
Rugadh Bridie agus Pat Choilmín Ó Conghaile ar Inis Treabhair agus tá siad ar bheirt den ghlúin deiridh a d’éirigh aníos ar an oileán sin. Tá tochailt go leor déanta acu ar an saol sin agus an dream a tháinig as. Beidh stair Inis Treabhair agus an saol a bhí acu féin ar an oileán á roinnt acu linn ina gcuid cainte agus mar a tharlaíonn i gcónaí ag ócáidí béaloidis, beidh a luach leathphingine fhéin le cur leis ag cuid den chomhluadar.
Beidh seisiún againn amach anseo ag caint faoin bhfonnadóir aoibhinn Máire Choleman as an gCeathrú Rua, oíche eile ag féilte na nGael anseo agus in Albain, gabhfaidh muid turas eile ón gCeathrú Rua go Príosún Chill Mhaighneann leis an Dr Elsie Murphy agus an lá ag dul chun síneadh san earrach, bainfidh muid taitneamh as flóra Chonamara.
Oíche seanchais sa mí a bhíonn ag an gCumann Béaloidis agus is iontach go deo an séasúr atá romhainn as seo go Márta.
Níl de tháille ar an bhféasta uilig ach €15 nó €10 ar mhic léinn agus ar dhaoine os cionn 65 bliain d’aois. Bíonn muigín breá tae le fáil freisin agus cáca rísíní.
I Stiúideo Cuan sa Spidéal a bheidh an t-airneán á bhréagadh ag cuid eile de mhuintir Chonamara. Cuireadh tús leis an seanchas ansin an tseachtain seo agus Máirt ag 8.30pm beidh Oíche Airneáin is Seanchais ar siúl ansin agus ceathrar ealaíontóirí ann leis an gcomhluadar a bhíogadh. Chuir an ceoltóir Mary Bergin, an staraí Cormac Ó Comhraí, an fonnadóir Sarah Ghriallais agus an t-údar agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí tús le cúrsaí i Stiúideo Cuan an tseachtain seo. Tá fáilte roimh an bpobal agus cead isteach saor in aisce.