Tá úsáid forainmneacha iolra i gcásanna ina bhféadfadh fear nó bean a bheith i gceist le moladh sa bhfoclóir nua Gaeilge-Gaeilge.
Seachas a bheith ag caint feasta ar dhochtúir ‘a bhfuil saineolas aige nó aici ar..’ táthar ag moladh go ndéarfaí “dochtúir a bhfuil saineolas acu ar …”.
Deir lucht na bhfoclóirí nua atá idir lámha ag Foras na Gaeilge gur bealach “i bhfad níos slachtmhaire” a bheidh anseo le cur síos ar dhuine nach eol cén inscne atá aige nó aici.
Go deimhin, tá an treoir nua á tabhairt
mar mhalairt ar fhrásaí ar nós ‘aige nó aici’, ‘sé nó sí’ agus ‘air nó uirthi’.
Sa treoir stíle reatha do na foclóirí nua Gaeilge, moltar forainmneacha iolra, seachas forainmneacha uatha, a bheadh firinscneach nó baininscneach de réir inscne ghramadaí na n-ainmfhocal, a úsáid nuair is do theidil ghairme nó d’ainmfhocail eile atáthar ag tagairt agus gan fios an fear nó bean, buachaill nó cailín, atá i gceist.
Chuir lucht na bhfoclóirí nua roinnt samplaí ar fáil do Tuairisc don athrú suntasach seo:
- Duine arb é an post atá acuná …
- Duine a thugann roinnt dá gcuidfola …
- Óráid i ndráma ina labhraíonn aisteoir leoféin …
- Feirmeoir a bhfuil feirm bheag acu
Deir urlabhraí ó na foclóirí nua le Tuairisc go bhfuil cúpla cúis leis an gcinneadh eagarthóireachta seo – soiléireacht agus dílseacht do chaint na ndaoine.
“Is bealach i bhfad níos slachtmhaire é ná coinbhinsiúin eile atá in úsáid sna cásanna seo, mar shampla, ‘má aontaíonn sé nó sí leis sin’, ‘má aontaíonn sé/sí leis sin’, ‘má bhíonn moill air/uirthi’, ‘cibé áit a bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí’, ‘seolfar admháil chuigesean nó chuicise’, ‘ag brath ar a aois nó a haois’, ‘ag brath ar a (h)aois’…
“Tá úsáid an fhorainm iolra ag teacht i gcúrsaíocht go láidir agus go nádúrtha sa ghnáthchaint sa Ghaeilge nuair a bhítear ag tagairt do na teidil ghairme nó do na hainmfhocail seo.”
Le daoine amháin a bhaineann an treoir seo, a deir an t-urlabhraí.
“I gcás ainmhithe srl, ba cheart cloí le hinscne ghramadaí an ainmfhocail/fhrása ainmfhoclaigh, seachas nuair is léir ón chomhthéacs gur d’ainmhí fireann nó baineann go sonrach atáthar ag tagairt, mar shampla, ‘é’ le haghaidh eilifint fhireann nó ‘í’ le haghaidh asal baineann,” a dúirt sé.