An Chos Eile le Seán Mac Dhonnagáin
An Chos Eile le Seán Mac Dhonnagáin
@ axis: Ballymun
Siamsaíocht Agus EalaínTá lúchair ar Aerach Aiteach Gaelach dráma nua aiteach le Seán Mac Dhonnagáin, An Chos Eile, a chéadléiriú le haxis, Baile Munna 27-28 Samhain 2023. Beidh sé á léiriú le fortheidil i mBéarla freisin, rud a chiallíonn nach dteastaíonn Gaeilge líofa le taitneamh a bhaint as! Ticéid ar fáil anseo.
Beirt pheiledóirí gaelacha iad Brian agus Cathal, agus tús á chur acu le séasúr nua leis an gclub áitiúil. Ach nuair phógann siad a chéile gan choinne tar éis an chuid chluiche, ní fada go dtuigtear dóibh go bhféadfadh an cor nua sa chaidreamh eatarthu teacht salach ar a saol sa spórt.
Agus an séasúr ag leanúint ar aghaidh agus an caidreamh ag dul i ndoimhneacht, an féidir leo an fhírinne a insint don fhoireann?
Scéal teacht in aois é An Chos Eile, agus scrúdú ar an aiteachas i spórt na bhfear.
Forbraíodh An Chos Eile mar chuid den scéim Axis Assemble/Axis as Gaeilge in 2020-2021. Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge.
I measc na nealaíontóirí atá ag obair ar an dráma seo, tá:
- Seán Mac Dhonnagáin (scríbhneoir)
- Em Ó Ceallaigh/Ball (stiúrthóir)
- Kevin Johnston (léiritheoir)
- Sinéad O’Donnell Carey (dearthóir set, éadaí agus AV)
- Lara Gallagher (dearthóir fuaime)
- Caroline Norris (dearthóir soilse)
- Olivia Drennan (bainisteoir láith)
- Donncha Crowley (aisteoir)
- Oisín Thompson (aisteoir )
- Oliver Flitcroft (aisteoir)
- Seosamh Mac Seoin (aisteoir)