Tá éileamh déanta ag eagraíocht oideachais ar an Aire Oideachais an liúntas a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge a thabhairt ar ais “mar rún na hathbhliana”.
Deir an eagraíocht Gaeloideachas gur chóir “aitheantas oifigiúil” a thabhairt do mhúinteoirí atá ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta as an “ualach breise” a bhíonn orthu. Deir an eagraíocht go gcabhródh an liúntas chomh maith le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta in earnáil an ghaeloideachais.
Deir Gaeloideachas gur chruthaigh an cinneadh deireadh a chur leis an liúntas “deighilt éagórach” idir múinteoirí a bhí i scoileanna roimh 2011 agus múinteoirí a thosaigh ag múineadh ina dhiaidh sin. Iadsan ag a bhfuil liúntas, a fuair é roimh 2011, cailleann siad é má bhogann siad go scoil eile, fiú más scoil lán-Ghaeilge atá inti.
Tugadh le fios ag deireadh na bliana seo caite nach raibh sé i gceist ag an Aire Oideachais an liúntas, ar cuireadh deireadh leis in 2011, a thabhairt ar ais mar gheall ar cheisteanna costais agus ceardchumainn.
Tá éileamh déanta cheana ag Cumann Múinteoirí Éireann go dtabharfaí ar ais na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge i bhfianaise an ghanntanais mhóir múinteoirí san earnáil sin.
Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, go raibh “géarghá” le gníomh ón Rialtas le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta san earnáil. Dúirt sí go mbeadh cur i bhfeidhm na bpolasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do scoileanna lán-Ghaeilge ag brath “ar mhúinteoirí atá oilte sa teanga” a bheith ar fáil.
Dúirt Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán Gaeloideachas, go mbíonn “ualach agus freagrachtaí breise” ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge agus gur chóir sin a aithint tríd an liúntas a thabhairt ar ais.
“Tá luach ag baint leis an obair bhreise atá á déanamh acu – ábhar comhaimseartha a chruthú trí Ghaeilge, comhfhreagras a scríobh go dátheangach, scileanna teanga a fhorbairt, agus uirlisí measúnaithe a chruthú trí Ghaeilge, mar shampla – agus ní mór don Rialtas aitheantas ceart a thabhairt don obair seo,” arsa Uachtarán Gaeloideachas.
€4.9 milliún a chosain na liúntais sin sa bhliain 2010 agus €3.8 milliún a bhí i gceist in 2018, laghdú €1.1 milliún.
€3,063 an liúntas a bhíodh á fháil sa bhreis ar a bpá ag gach múinteoir sa Ghaeltacht roimhe sin agus €1,583 breise a bhíodh ag múinteoirí i ngaelscoileanna. Bhíodh €1,842 mar liúntas ag múinteoirí ar na hoileáin.
De réir suirbhé nua a rinne an INTO, bíonn poist fhadtéarmacha gan líonadh i 50% de Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, i gcomparáid le 28% i scoileanna Béarla an stáit.