Tá dlíodóir a sheas cheana ar son chearta teanga na nGael ar fhoireann dlí na hAfraice Theas dá gcás in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.
Tá Blinne Ní Ghrálaigh KC (Abhcóide an Rí) ar dhuine de bheirt abhcóidí seachtracha atá ag lucht dlí na hAfraice Theas atá ag líomhain go bhfuil cinedhíothú in aghaidh mhuintir na Palaistíne ar bun ag Iosrael in Gaza.
Cuireadh tús sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inné le cás na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael agus tugadh suntas sna meáin do chaint chumhachtach chorraitheach Ní Ghrálaigh a dúirt go raibh muintir Gaza ar an gcéad dream riamh a raibh a gcinedhíothú á chraoladh ar fud an domhain acu de réir mar a bhí sé ag tarlú. In ainneoin sin ní raibh “faic” á dhéanamh chun deireadh a chur lena scrios, ar sí.
D’oibrigh Blinne Ní Ghrálaigh ar chásanna mór le rá éagsúla eile roimhe seo, ina measc an fiosrúchán faoi Dhomhnach na Fola agus cás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inar chuir an Chróit cinedhíothú i leith na Seirbia.
In 2021 ghníomhaigh Ní Ghrálaigh ar bhonn pro bono ar son Chraobh Londan Chonradh na Gaeilge i gcás cáiliúil a bhain le cearta teanga.
Sa chás sin, bhí cumann an Chonartha ag tacú le muintir Margaret Keane ar diúltaíodh cead dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar i reilig in Coventry.
Bhuaigh Blinne Ní Ghrálaigh an gradam dlíodóir na míosa mí Feabhra seo caite as a cuid oibre ar son ‘Ceathrar Colston’ a bhfuarthas neamhchiontach iad as dochar coiriúil a dhéanamh nuair a leag siad dealbh den trádálaí sclábhaithe Edward Colston in Bristol.
Tá an Afraic Theas ag iarraidh go n-ordófaí d’Iosrael éirí as an gcogadh láithreach.
Maíodh sa chúirt inné gur ón “leibhéal is airde” de stát Iosrael a tháinig an plean Gaza “a scrios”.
“Gach uile lá táthar ag cur le líon na marbh agus leis an scrios ar mhaoin, dínit agus daonnacht phobal na Palaistíne, scrios nach féidir a chur ina cheart go brách,” a dúirt Adila Hassim, duine d’abhcóidí na hAfraice Theas, sa chúirt inné.
“Ní chuirfidh aon rud seachas ordú de chuid na cúirte seo stop leis an bhfulaingt,” ar sí.
Tá an Afraic Theas ag maíomh gurb é rún Iosrael in Gaza ná “cuid mhór de ghrúpa náisiúnta, eitneach agus cine Palaistíneach a scrios”.
Cuirfear tús inniu sa chúirt le cosaint Iosrael, a mhaíonn go bhfuil údar bailí lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair.