Dúradh i dTeach Laighean inné go raibh measúnú á dhéanamh sa Roinn Oideachais ar an gcóras tástála TEG a úsáid mar chuid d’fhoghlaim na Gaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile.
Ionadaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a luaigh an measúnú a bhí á dhéanamh ar an gcóras tástála agus é ag labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais faoi chumas dátheangach na státseirbhíseach.
Dúradh ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge go réiteodh úsáid an Teastais Eorpaigh sa Ghaeilge (TEG) cuid de na fadhbanna atá ann maidir le measúnú a dhéanamh ar chaighdeán teanga daoine i láthair na huaire.
Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Joe McHugh, dúirt John Howlin, atá ina ionadaí ag a Roinn ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, go raibh imní léirithe ag cruinnithe an Choiste Chomhairligh faoi chaighdeán na Gaeilge a bhí ag daltaí iarbhunscoile.
Tá an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge freagrach as plean nua earcaíochta a ullmhú chun gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaithe nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, sprioc atá sa reachtaíocht teanga.
“Ní bheadh caighdeán Gaeilge [na ndaltaí] á staidéar agamsa mar chuid de mo ról ach pléadh an fhadhb ag an gCoiste Comhairleach mar chuid den scéal níos leithne,” a dúirt Howlin.
“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh soiléireacht ann maidir le caighdeáin agus sílim go bhfuil obair ar bun sa Roinn Oideachais, cé nach é mo réimse é, maidir le féachaint ar TEG mar rud a d’fhéadfaí a úsáid sa chóras iarbhunscoile.
“Dá bhféadfaí fráma Eorpach den chineál sin a thabhairt isteach, rachadh sé i ngleic le cuid den imní a léiríodh ag an gCoiste,” a dúirt Howlin ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Tá ráite cheana ag saineolaithe oideachais agus ag Conradh na Gaeilge gur cheart ceangal a dhéanamh ag gach gné den chóras oideachais in Éirinn idir foghlaim na Gaeilge agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, ar a bhfuil an córas TEG bunaithe.
Tá an córas TEG le bheith mar chuid de scéim phíolótach atá á forbairt ag Roinn na Gaeltachta faoina mbronnfaí deontais ar mhúinteoirí scoile a chuirfeadh feabhas ar a gcumas Gaeilge. Dúirt an Roinn le Tuairisc go bhféadfaí an scéim a leathnú amach sa todhchaí agus go mbeadh daltaí iarbhunscoile i dteideal cur isteach uirthi.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Roinn Oideachais maidir leis an bplé atá déanta ar úsáid an chórais TEG sa chóras iarbhunscoile.