Ceardlann na dTeangacha Idirnáisiúnta
Ceardlann na dTeangacha Idirnáisiúnta
@ Raidió Fáilte
Seachtain na Gaeilge le EnergiaTá pobal mór imirceach i mBéal Feirste, le meascán mór de theangacha agus de chultúir dhifriúla le feiceáil agus le cluinstin ann.
Tríd an Cheardlann ilteangacha seo tiocfaidh réimse daoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu le chéile in aon áit amháin, chun beannachtaí a fhoghlaim ó thíortha agus i dteangacha éagsúlacha. Seisiún réchúiseach a bheas ann, agus beidh rannpháirtithe in ann a mhíniú cad as a dtagann beannachtaí ina dteangacha féin. Cuirfear tús agus béim ar an Ghaeilge sa tseisiún agus tabharfar míniú ar ‘Dia duit, Dia ‘s Muire duit’ srl.
Cuirfear fáilte roimh eagraíochtaí lenaa dtugtar tacaíocht do theifigh. Cuirfear rogha de bhia domhanda ar fáil don lucht freastail le blaiseadh, ar mhaithe le tuiscint agus taithí a shaibhriú.