Agallamh Mór – Lá Idirnáisiúnta na mBan
Agallamh Mór – Lá Idirnáisiúnta na mBan
Seachtain na Gaeilge le EnergiaMar chuid de cheiliúradh Raidió Fáilte faoi choinne Lá Idirnáisiúnta na mBan, cuirfidh an tOifigeach Forbartha Gnó bean aitheanta in earnáil na Gaeilge agus sa phobal, faoi agallamh, maidir leis na cuimhní, an taithí agus an obair atá déanta aici ar son na teanga thar na blianta.
I bhFéile Sheachtain na Gaeilge le Raidió Fáilte 2024, is í Máire Nic Fhionnachtaigh, iarbhainisteoir airgeadais Raidió Fáilte, ball bhord Chultúrlann MacAdam-Ó Fiaich agus iar-bhall Bhord Ghobharnóirí Choláiste Feirste faoi agallamh.
Beidh Máire ag caint ar a haistear ó Fhear Mánach go Béal Feirste, a taithí leis an Chultúrlann, an Choláiste agus an Raidió.