Tá ráite ag an Aire Oideachais go bhfuil a roinn ag cur dlús le plean a ullmhú chun Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá tuismitheoirí, polaiteoirí agus lucht Gaeloideachais i mbun feachtais le roinnt blianta anuas agus iad ag éileamh ar an rialtas iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a thógáil chun freastal ar dhaltaí i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley roimhe seo gurb é tuairim na Roinne go raibh na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge atá cheana féin i mBaile Átha Cliath Theas in ann freastal ar an éileamh a bheidh ann, ach deir sí anois go bhfuil a roinn chun a fhiosrú an bhfuil gá le ar a laghad Gaelcholáiste nua amháin a thógáil sa cheantar.
“Tá athbhreithniú ar bun ag mo Roinn faoi láthair ar chóras soláthair iarbhunscoileanna nua i mBaile Átha Cliath Theas. Chuige sin tá dlús á chur faoi láthair ag an Roinn le plean maidir le gaelcholáiste nó gaelcholáistí a chur ar fáil sa chás go léirítear gurbh ann do na riachtanais sin i mBaile Átha Cliath Theas,” a dúirt an tAire Foley mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Patrick Costello.
Tá sé beartaithe ag an Roinn Oideachais iarbhunscoileanna nua a thógáil i mBaile Átha Cliath Theas, ach dúirt an tAire nach raibh aon chinneadh déanta maidir le cén uair a thógfaí iad ná maidir le pátrúnacht ná teanga teagaisc.
Dúirt Foley go raibh a roinn fós den tuairim go raibh dóthain áiteanna sna Gaelcholáistí atá i mBaile Átha Cliath Theas cheana féin chun freastal ar an éileamh a bheidh ann “sa ghearrthéarma” ach thug sí le fios go bhféadfadh sin athrú agus roinnt Gaelscoileanna oscailte sa cheantar le roinnt blianta anuas.
“Cé go bhfuiltear ag súil go bhfuil dóthain áiteanna eatarthu sna Gaelcholáistí atá cheana féin i gceantar ginearálta Bhaile Átha Cliath Theas le freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair ó tharla gur osclaíodh roinnt gaelscoileanna nua le déanaí sa gceantar, agus go bhfuil roinnt eile pleanáilte, beidh mo Roinn ag déanamh athbhreithniú rialta ar an scéal faoi mar a bheidh na scoileanna sin ag fás agus an líon daltaí i rang a sé sna gaelscoileanna ag dul i méid.”
Tá Conradh na Gaeilge i measc na ndreamanna atá ag éileamh Gaelcholáiste nua i mBaile Átha Cliath Theas agus chuir Ard-Rúnaí na heagraíochta, Julian de Spáinn, fáilte roimh an gcor is déanaí sa scéal.
Dúirt sé go raibh an méid a bhí le rá ag an Aire maidir le hoscailt gaelcholáiste nua “níos dearfaí” ná mar a bhí roimhe seo, cé go raibh sí fós den tuairim nár theastaigh ceann faoi láthair.
“Bheadh an lucht feachtais ag cur fáilte roimh an eolas nua go bhfuil an roinn le plean a chur le chéile do sholáthar na gaelscolaíochta ag an dara leibhéal go luath,” arsa de Spáinn. “De thoradh an eolais atá againne, bheadh muid ag súil go mbeadh Gaelcholáiste nua ag éirí as sin.”
Deir de Spáinn go bhfuil suirbhé déanta ar thuismitheoirí na ngaelscoileanna atá ag glacadh páirt san fheachtas – Bunscoil Synge, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde agus Scoil Mológa – le gairid a léirigh “an-éileamh” ar an ngaeloideachas ag an dara leibhéal.