Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
colaiste-na-trionoide-le-difheistiu-a-dheanamh-o-iosrael-de-bharr-agoidi-bds

Coláiste na Tríonóide le dífheistiú a dhéanamh ó Iosrael de bharr agóidí BDS

| conor torboid | ,

Tá sé aontaithe ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath dífheistiú a dhéanamh ó institiúidí de chuid Iosrael. Chruinnigh bainistíocht an Choláiste agus mic léinn Dé Luain i ndiaidh do Trinity Boycott, Divestment and Sanctions (BDS) campa a lonnú i gCearnóg na gComhaltaí ar an champas le cúig oíche anuas.

Pléadh na ceisteanna is mó a bhí ag mic léinn ag an chruinniú seo ionas go sásófar éilimh na n-agóideoirí agus go gcuirfear deireadh leis an chosc ar ghnáthsheirbhísí na hollscoile. Tá mic léinn ag iarraidh go ndéanfaidh an Coláiste dífheistiú iomlán ó Iosrael chomh maith le 10 gcomhlacht de chuid Iosrael agus, thairis sin, ráiteas poiblí a eisiúint a léiríonn dlúthpháirtíocht i gcoinne an chinedhíothaithe agus “cúiteamh” a sholáthar a thacódh le 100 mac léinn Palaistíneach.

D’fhógair Uachtarán Aontas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide (TCDSU), László Molnárfi inniu, i measc mic léinn eile ón ghluaiseacht BDS agus an Postgraduate Workers’ Organisation (PWO), go bhfuil an Coláiste comhoibritheach agus sásta a bheith ag obair i dtreo na héilimh a shású.

Ghlac agóideoirí an champa le cinneadh an Choláiste trí dhul ar mhórshiúl chomh fada le hoifig an déin shóisearaigh le bratacha agus comharthaí agus iad ag scairteadh amach. D’fhógair siad nach bhfágfaidh siad an campa go bhfaightear ráiteas poiblí ón Choláiste féin.

Grianghraf: Pubaill i gCearnóg na gComhaltaí.

D’eisigh Coláiste na Tríonóide ráiteas um thráthnóna a cháin an foréigean a thit amach ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus an t-ionsaí leanúnach atá á dhéanamh ag Iosrael ar mhuintir na Palaistíne ó shin, ar chuir siad síos air mar “uafásach” agus “díréireach”.

Anuas air sin, dúirt an Coláiste go leagfaidh siad táillí teagaisc agus táillí lóistín ar leataobh d’ochtar mac léinn as Gaza chun bheith ag staidéar ag Coláiste na Tríonóide agus tá sé geallta acu tuilleadh spásanna a sholáthar trína bheith ag comhoibriú le páirtithe leasmhara.

Tá meitheal oibre á bunú ag an ollscoil freisin. Beidh idir bhaill foirne agus mic léinn ar an mheitheal seo a dhéanfaidh iarracht “saoirse acadúil a chaomhnú” agus ag an am chéanna, ag obair i dtreo cén uair le hinfheistiú agus cén uair le dífheistiú ó stáit a sháraíonn cearta daonna a thuiscint. Beidh cathaoirleach seachtrach ag an mheitheal.

Dúirt an ollscoil nach gcuirfidh siad bac ar acadóirí aonaracha atá ag obair le hacadóirí nó le hinstitiúidí in Iosrael. Creideann siad go mbeidh baill foirne ann a bhainfidh leas as an teagmháil gan bhac, agus go mbeidh baill foirne ann nach mothóidh compordach le caidreamh ar bith le hIosrael. Beartaíodh cruinniú eile don lá amárach.

Tabharfaidh seo dóchas d’agóideoirí ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a scríobh litir phoiblí chuig Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh John O’Halloran, ag iarraidh air dífheistiú iomlán a dhéanamh ó Iosrael.

Tá an Dochtúir Maya Hind le léacht a thabhairt ag an ollscoil Dé hAoine an 10 Bealtaine ar a leabhar agus ar an dóigh a sáraíonn ollscoileanna de chuid Iosrael saoirse na bPalaistíneach. Tá agóideoirí ag súil go gcuirfidh an chaint seo tuilleadh brú ar Uachtarán na hOllscoile.

 

The post Coláiste na Tríonóide le dífheistiú a dhéanamh ó Iosrael de bharr agóidí BDS appeared first on NÓS.

Níos mó