Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
bratach-ghorm-bronnta-ar-12-tra-ghaeltachta,-i-ngaillimh,-ciarrai,-dun-na-ngall-agus-maigh-eo

Bratach Ghorm bronnta ar 12 trá Ghaeltachta, i nGaillimh, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo

D’fhógair An Taisce liosta na dtránna a bhfuil an Bhratach Ghorm bronnta orthu do 2024 agus an t-aitheantas bronnta ar gach ceann den dosaen tránna sa Ghaeltacht a fuair é anuraidh

Bratach Ghorm bronnta ar 12 trá Ghaeltachta, i nGaillimh, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo

Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tránna Gaeltachta iad 12 den 85 trá ar fud na tíre a bhfuil Bratach Ghorm bronnta orthu i mbliana.

D’fhógair An Taisce liosta na dtránna a bhfuil an t-aitheantas bronnta orthu do 2024 agus an bhratach bronnta ar gach ceann den dosaen tránna sa Ghaeltacht a fuair é anuraidh. Níor éirigh le haon trá nua sa Ghaeltacht an t-aitheantas a bhaint amach i mbliana.

Is i nGaillimh atá ceithre cinn de na tránna Gaeltachta a fuair Bratach Ghorm – An Trá Mhór in Indreabhán, Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua, Cill Mhuirbhigh ar Inis Mór agus Trá Inis Oírr.

Bronnadh Bratacha Gorma ar 13 trá i gCiarraí, níos mó ná mar a bronnadh in aon chontae eile, agus is sa Ghaeltacht atá trí cinn de na tránna sin, Fionntrá i gCorca Dhuibhne agus tránna Bhaile an Sceilg agus Dhoire Fhíonáin in Uíbh Ráthach.

Dhoire Fhíonáin in Uíbh Ráthach

Tá cúig thrá in Acaill tar éis gradam na Brataí Goirme a fháil i mbliana, trá Dhumha Éige ina measc. Tá bratacha bronnta freisin ar Chuan Oilí agus ar an Mullach Rua in Iorras.

I nDún na nGall, bhí tránna na Carraige Finne agus na nDúnaibh ar phéire den 12 trá sa chontae a fuair an Bhratach Ghorm i mbliana.

Chomh maith leis an 85 trá a bhain an gradam amach, bronnadh Bratach Ghorm ar naoi gcinn de mhuiríní, ceann níos lú ná anuraidh. Níor chuir muiríne an Chaisleáin Nua i nDún na nGall isteach ar an ngradam i mbliana de thoradh oibreacha a bheith ar bun ansin.

Caithfidh tránna caighdeáin áirithe, a bhfuil uisce snámha ar chaighdeán den scoth ar cheann acu, a bhaint amach chun go mbronnfaí Bratach Ghorm orthu.

D’fhógair an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) an tseachtain seo caite go raibh uisce ar chaighdeán den scoth ar 20 den 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu anuraidh. Tugadh rabhadh gan dul ag snámh ar Thrá na mBan ar an Spidéal i nGaillimh toisc go raibh droch-chaighdeán uisce ansin.

Trá Inis Oírr

Chomh maith le Bratacha Gorma, bronnadh Gradam an Chósta Ghlais inniu ar 13 eile de thránna na Gaeltachta. I Maigh Eo atá cúig cinn acu, agus ceithre cinn eile i nDún na nGall a fuair an gradam. Tá na ceithre thrá Ghaeltachta eile i nGaillimh agus i gCiarraí. Bhí Trá Inis Oírr i nGaillimh agus Bhaile an Sceilg i gCiarraí ar phéire d’ocht dtrá ar fud na tíre a fuair an Bhratach Ghorm agus Gradam an Chósta Ghlais araon.

Bronnadh Bratach an Chósta Ghlais ar 70 trá ar fad, an líon is mó riamh.

Tugann Gradam an Chósta Ghlais aitheantas don phobal agus do na daoine a ghlanann an cósta agus na tránna i gcaitheamh na bliana. Bronnadh an gradam sin ar 65 trá ar fud na tíre, níos mó ná aon bhliain eile ó bunaíodh an gradam in 2003.

Tránna Gaeltachta a fuair an Bhratach Ghorm

Dún na nGall

Na Dúnaibh
An Charraig Fhinn

Maigh Eo

Dumha Éige
Cuan Oilí
An Mullach Rua

Gaillimh

An Trá Mhór, Coill Rua, Indreabhán
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór
Trá Inis Oírr
Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua

Ciarraí

Baile an Sceilg
Doire Fhíonáin
Fionntrá

Tránna Gaeltachta a fuair Gradam an Chósta Ghlais

Dún na nGall

Baile Thiarnáin
An Dumhaigh
Droim na Tine
Machaire Rabhartaigh

Maigh Eo

Port an Chlóidh
An Chrois, Iorras
An tSraith
An Rinn Rua
An Tearmann

Gaillimh

Trá Inis Oírr
Trá Pholl na gCaorach, Inis Oírr

Ciarraí

An Béal Bán
Baile an Sceilg

Níos mó