Tá sé ráite ag formhór mór na n-iarrthóirí atá ag seasamh I dtoghchán na hEorpa go mbeidh sé mar thosaíocht acu go gcuirfí deireadh leis an srian atá ar sheirbhísí Gaeilge sa Pharlaimint.
Níl seirbhísí iomlána aistriúcháin ná ateangaireachta ar fáil don Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa i láthair na huaire agus é ráite nach mbeidh sin ar fáil roimh dheireadh 2029 ar a luaithe.
Deir an tAE gur easpa aistritheoirí agus ateangairí le Gaeilge is cúis leis an maolú agus chinn an Pharlaimint mí an Mhárta seo caite gan lánseirbhísí a chur ar fáil don Ghaeilge go dtí deireadh an chéad téarma parlaiminte eile.
Deir ar a laghad 70% díobh siúd atá ag seasamh sna toghcháin Eorpacha ar fud na tíre go mbeidh sé mar thosaíocht acu deireadh a chur leis an maolú ar sholáthar na seirbhísí agus go lorgóidís vóta nua maidir le soláthar seirbhísí ateangaireachta i nGaeilge sa Pharlaimint.
De réir suirbhé atá déanta ag Conradh na Gaeilge, dúirt 28 den 40 iarrthóir atá ag seasamh sna trí thoghcheantar go n-oibreoidh chun a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí iomlána ar fáil i nGaeilge agus go mbainfí aon bhac roimh ateangairí le Gaeilge a fhostú gan mhoill.
As an 13 Feisire Eorpach a toghadh sa toghchán deireanach, tá deichniúr ag seasamh arís agus dúirt gach duine acu siúd go mbeidh sé mar thosaíocht acu go dtabharfaí ar ais soláthar iomlán seirbhísí i nGaeilge.
Bhí deichniúr iarrthóirí nár thug freagra ar shuirbhé Chonradh na Gaeilge in am chun go gcuirfí san áireamh iad.
Nuair a d’fhógair lucht na Parlaiminte nach gcuirfí lánseirbhísí aistriúcháin ná ateangaireachta ar fáil don Ghaeilge ná don Mháltais sa chéad téarma parlaiminte eile, dúradh go raibh “iarrachtaí seasta leanúnacha idirinstitiúideacha” déanta chun cur le líon na n-aistritheoirí Gaeilge agus cé go raibh dul chun cinn déanta, nach mbeifí ábalta a chinntiú “go ceann tamall fada” go mbeadh lánchlúdach ag an teanga.
Chuir Conradh na Gaeilge ceisteanna freisin ar iarrthóirí maidir lena gcumas an Ghaeilge a úsáid sa Pharlaimint, má thoghtar iad.
As an 40 iarrthóir, ní raibh ach seachtar a thug le fios go mbeadh siad in ann agus sásta an Ghaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint agus go mbainfeadh siad úsáid as an teanga mar ghnáthchleachtas. Sin iad Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre) agus Bríd Smith (Pobal Seachas Brabús) atá ag seasamh i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath; Billy Kelleher (Fianna Fáil), Cynthia Ní Mhurchú (Fianna Fáil) agus Seán Kelly (Fine Gael) atá ag seasamh sa Deisceart, agus Fergal Landy (Páirtí an Lucht Oibre) agus Peadar Tóibín (Aontú) atá ag seasamh i Lár Tíre & an tIarthuaisceart.
Dúirt 21 iarrthóir go mbeadh siad sásta feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge chun go mbeadh siad in ann ionadaíocht chuí a dhéanamh ar an teanga sa Pharlaimint.
Dúirt 28 iarrthóir chomh maith go mbeidh siad sásta, má thoghfar iad, tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na Gaeilge i gcláir an AE agus go mbeidh sé mar thosaíocht acu tacaíocht airgid a fháil d’eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur céim siar do stádas na teanga san AE a bhí sa chinneadh gan seirbhísí iomlána na Parlaiminte a chur ar fáil ach go bhfuil sí sásta leis an tacaíocht atá ann i measc na n-iarrthóirí don éileamh dul siar ar an gcinneadh sin.
“Bua stairiúil a bhí ann don Ghaeilge nuair a baineadh stádas iomlán amach di mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach. Mar sin féin, céim siar a ghlac Parlaimint na hEorpa nuair a chinn siad maolú a chur ar an Ghaeilge sa Pharlaimint go dtí 2029,” a dúirt Melvin.
“Táimid sásta go bhfuil céatadán ard de na hiarrthóirí sna toghcháin Eorpacha in Éirinn ag seasamh linn agus gealltanas #GaelVóta tugtha acu le go mbeidh sé ina thosaíocht acu deireadh a chur leis an maolú seo.”
Dúirt Uachtarán an Chonartha freisin go bhfuil sí ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a chloisteáil ó na Feisirí Eorpacha le linn an chéad téarma eile.
“Ábhar suntais atá ann dúinn go bhfuil sé geallta ag iarrthóirí go labhróidh siad Gaeilge go rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint, nó mura bhfuil siad compordach le caighdeán a gcuid Gaeilge, go gcuirfidh siad feabhas uirthi chun a chinntiú go mbeidh dóthain Gaeilge acu chun an ionadaíocht chuí a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge.
I ndiaidh na dtoghchán agus iarrthóirí tofa, ligfidh seo dúinn brú leanúnach a choinneáil ar Fheisirí Parlaiminte le go gcuirfear le líon ama na Gaeilge labhartha san Eoraip amach anseo.”