Tá formhór na bpáirtithe a bhfuil iarrthóirí acu ag seasamh sna toghcháin áitiúla ag glacadh le héileamh go bhforbrófaí polasaí tithíochta ar leith don Ghaeltacht in aon údarás áitiúil ina bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram.
Tá an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus na deacrachtaí a bhíonn ag daoine teach nó cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais ar cheann de na ceisteanna is mó atá ag cur as do mhuintir na Gaeltachta roimh na toghcháin áitiúla a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn.
Tá sé deimhnithe ag an gcuid is mó de na páirtithe a bhfuil iarrthóirí acu ag rith sna toghcháin go mbeadh siad sásta polasaí ar leith maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a fhorbairt má thoghtar iad chun na n-údarás áitiúil.
Tugadh an gealltanas mar chuid de shuirbhé a rinne Conradh na Gaeilge ar sheasamh na bpáirtithe maidir le ceisteanna faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Ba iad Fine Gael agus Ceart chun Athraithe (Right to Change) an t-aon dá pháirtí a ndeachas i dteagmháil leo nár thug freagra ar cheist an Chonartha.
Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, go raibh an tábhacht a bhaineann le ceist na tithíochta sa Ghaeltacht soiléir ón bplé a bhí ag an gConradh leis an bpobal.
“Tagann ceist na tithíochta Gaeltachta chun cinn aríst is aríst eile agus sinn ag plé lenár gcraobhacha, lenár mbaill agus leis an bpobal i gcoitinne. Tá an cheist chéanna ina tosaíocht bhuan againne agus tá sí mar phríomh-éileamh againn ar iarrthóirí dos na comhairlí áitiúla leis. Tá sé geallta anois ag nach mór gach ceann de na páirtithe móra thar ceann a gcuid iarrthóirí go bhforbrófar polasaí tithíochta Gaeltachta in aon údarás áitiúil le ceantar Gaeltachta faoina chúram.”
Tá treoirlínte pleanála don Ghaeltacht le foilsiú ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien go luath. Dúirt an tAire go mbeidís á bhfoilsiú aimsir na Cásca ach níl aon radharc go fóill ar na treoirlínte, a gealladh breis is dhá bhliain ó shin.
Athrú amháin atá beartaithe ag an Aire ná go mbeadh ceantair Ghaeltachta agus oileáin áirithe mar cheantair ar leith i bpleananna forbartha na n-údarás áitiúil. Dúirt sé nach raibh aon leanúnachas ann maidir le cur chuige na n-údarás áitiúil i dtaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.
Chomh maith leis an ngealltanas maidir le polasaí tithíochta don Ghaeltacht, ghlac na páiritthe le héilimh maidir le rannóg Gaeilge a chruthú in údarás áitiúil ina mbeadh ar a laghad beirt fostaithe go lánaimseartha agus go mbunófaí freisin Coiste Gaeilge mar chuid de struchtúr an údaráis.
Glacadh freisin le héileamh faoi fhorbairt agus feidhmiú Straitéis don Ghaeilge agus le héileamh go gcuirfí tacaíocht ar fáil chun an Ghaeilge a threisiú sa phobal.
“Sa tréimhse cúig bliana amach romhainn, beimid ag cur brú ar na páirtithe seo le cinntiú go mbainfear na rudaí seo amach agus go gcuirfear i bhfeidhm iad,” a dúirt Róisín Ní Chinnéide. “Táimid ag súil le comhoibriú leis na comhairleoirí ar chomhlíonadh na ngealltanas agus iad in oifig, agus beimid ag plé go leanúnach leis an bpobal ar an dul chun cinn sna blianta romhainn.”
Reáchtálfar na toghcháin áitiúla ar an 7 Meitheamh, an lá céanna a mbeifear ag vótáil sna toghcháin Eorpacha.