Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-is-fearr-punt-sa-sparan…in-amanna

Comhairle Carad: Is fearr punt sa sparán…in amanna

| kathryn ni mhaolain | ,

Cén dóigh a dtéann tú in airde ar scála pá? An ionann do thuarastal agus cé chomh luachmhar is atá tú mar dhuine? An féidir níos mó pá a iarraidh?

Seo ceisteanna na seachtaine seo, ceisteanna atá go mór i mbéal an phobail. Ní minic a dhéantar plé ar airgead agus ar chúrsaí pá, agus i neart áiteanna fiú, moltar do dhaoine gan labhairt faoi phá lena gcomhoibrithe.

Ach muna bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt ag comhlacht dá fhostaithe go huathfheidhmeach, is gá do na hoibrithe é sin a lorg iad féin. Seo ábhar a mothaímse an-láidir faoi, agus tá mé iontach sásta mo bharúil a roinnt air…

B, 26
Is maith liom mo phost ach fuair mé amach ar na mallaibh go bhfuil go leor daoine ag saothrú níos mó airgid ná mé. Is méid suntasach atá ann agus ní chreidim go bhfuil difear chomh suntasach sin san obair a dhéanaimid. An féidir liom seo a thógáil leis an chomhlacht? Nó an féidir liom fanacht i gcomhlacht nach gcuireann luach ar mo chuid oibre? Mothaím ciotach agus ciontach ag labhairt faoi chúrsaí airgid!

Ná mothaigh ciontach! Baineann an tuarastal atá agat le caighdeán do shaoil. Sílim i do chás anseo, áfach, go mbaineann sé le níos mó ná sin fiú. Más maith linn é nó muna maith, is ionann an tuarastal agus an “luach” a chuireann an bhainistíocht ar ár gcuid oibre. Mothaíonn tusa anseo nach dtuigeann do bhainistíocht luach do chuid oibre. Ba mhaith leat níos mó pá, cinnte, ach ba mhaith leat aitheantas. Ba mhaith leat cothrom na Féinne.

Is cinnte gur rud é seo is féidir leat a thógáil! Sílim gur rud an-nádúrtha é (agus rud an-Éireannach!) a bheith neirbhíseach nó drogallach labhairt ar chúrsaí airgid. Domhsa féin fiú, bhí mise an-chleachtaithe le pá an mhúinteora ar feadh na mblianta. Bhí a fhios agam cé mhéad a gheobhainn, cé mhéad gheobhadh daoine eile, agus cé mhéad a gheobhainn an bhliain dár gcionn. 

Mar sin, nuair a thosaigh mé gairm taobh amuigh den mhúinteoireacht, bhí drogall ormsa labhairt faoi chúrsaí airgid. Ach tá gá leis sna postanna seo. Tá tábhacht le luach do chuid oibre agus ní shílim gur cheart duit gan é seo a fhiosrú.

I mo bharúil, braitheann an cás seo ar chúpla rud: cé chomh fada is atá tú sa ról? Cé chomh fada is atá na daoine eile seo ann? Cad iad na dualgais atá ort agus orthu? Cén taithí atá agat taobh amuigh den chomhlacht seo? Cén cáilíochtaí?

Deirim seo le cinntiú go mbeidh tú réalaíoch sa chomhrá seo. Bíonn fáthanna ar leith ann go bhfuil daoine áirithe ar scálaí pá faoi leith, agus b’fhiú do mhachnamh a dhéanamh air sin. Bí ullmhaithe don chomhrá!

Má tá tú ar a laghad bliain sa ról (sílim gur tréimhse ama mhaith nádúrtha í seo sula dtógfaidh tú an comhrá), lorg cruinniú le do bhainisteoir líne. (I neart postanna, tarlóidh an cruinniú seo i ndiaidh bliana cibé!) Is féidir a rá leo gur mhaith leat athbhreithniú a dhéanamh ar an bhliain, agus cúinsí oibre agus pá a phlé. Is fearr fógra de chineál éigin a thabhairt dóibh le gur féidir leo ullmhú chomh maith. 

Bíodh fianaise agat bunaithe ort féin amháin go bhfuil tú ag feidhmiú ag leibhéal os cionn do phá reatha. Ná déan tagairt don phá atá á fháil ag daoine eile, ná ar chostais an tsaoil. Dírigh ortsa amháin agus ar chaighdeán do chuid oibre. Tabhair do chuid fáthanna agus mínigh go mothaíonn tú go bhfuil níos mó airgid tuillte agat. Ansin fiafraigh cad a bheadh le déanamh chun é sin a bhaint amach.

Comhrá doiligh a bheas ann! Ní deas an rud é níos mó airgid a iarraidh ach is comhrá an-fhiúntach a bheas ann. Fiú muna bhfágann tú an cruinniú le hardú pá geallta, fágfaidh tú le níos mó eolais maidir leis an dóigh chun é sin a bhaint amach.

Má shíleann tú go mbeidh deacracht agat do chuid pointí a mhíniú, nó más fearr leat coimhlint a sheachaint (mise fosta a chara!), is féidir “scriopt” a ullmhú roimh ré. Tóg fianaise leat más maith leat. Déan do mhachnamh ar cad a déarfaidh tú, agus ar an bhealach is éifeachtaí agus is múinte lena rá. Má tá an cruinniú le tarlú ar líne, bíodh nótaí leat.

Is maith leat do phost. Mar sin, bain triail as gach rud le hacmhainní daonna an chomhlachta sula smaoiníonn tú faoi bheith ag fágáil i ndáiríre. Tá súil agam go n-aithneoidh an bhainistíocht an luach atá ort agus go mbeidh an chiall acu thú a íoc mar is ceart in áit ligint duit imeacht.


An bhfuil frustrachas ort i d’áit oibre? Mearbhall ort le cúrsaí grá? Díomá ort le do chuid cairde? Seol ceist chuig Kathryn tríd an fhoirm anaithnid seo, agus gheobhaidh tú comhairle gan bhreithiúnas.

The post Comhairle Carad: Is fearr punt sa sparán…in amanna appeared first on NÓS.

Níos mó