Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
comhaireamh-fada-agus-comhaireamh-gearr-romhainn-i-dtoghcheantair-ghaeltachta-mhaigh-eo

Comhaireamh fada agus comhaireamh gearr romhainn i dtoghcheantair Ghaeltachta Mhaigh Eo

| tuairisc | , ,

Caitheann Tuairisc súil ar na toghranna sna toghcháin áitiúla ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta. An babhta seo, tá Gaeltacht Mhaigh Eo againn…

Comhaireamh fada agus comhaireamh gearr romhainn i dtoghcheantair Ghaeltachta Mhaigh Eo

Cé gurb é toghcheantar Bhéal an Mhuirthead an ceann is mó sa chontae, níor thóg sé ach dhá chomhaireamh chun triúr comhairleoirí a thoghadh cúig bliana ó shin. Meastar go dtógfaidh sé beagáinín níos faide na suíocháin a líonadh an uair seo agus beirt iarrthóirí níos mó ag seasamh, ach ba cheart go mbeadh toradh againn luath go maith tar éis tús an chomhairimh.

Bóithre, cúrsaí pleanála agus feirmeoireacht atá ag dó na geirbe ag muintir an toghcheantair, mar a bhíonn i go leor toghcheantair thuaithe, ach cuireann muintir Acla agus Bhéal an Mhuirthead béim ar chúrsaí turasóireachta freisin.

Tá Gerry Coyle Fhine Gael ina chomhairleoir le blianta fada agus meastar go mbeidh sé ar bharr an chomhairimh i mbliana, mar a bhí in 2019. Beidh Paul McNamara ó Fhianna Fáil, a toghadh cúig bliana ó shin, ag súil le tacaíocht ó mhuintir Acla agus é i mbun feachtais chun duine ón oileán a choinneáil ar an gComhairle.


Béal an Mhuirthead (3 shuíochán)

Na hiarrthóirí

Gerry Coyle (FG)*
Pat Chambers (FG)
Rosaleen Dixon Lally (SF)
John Paul Carey (NS)
Micheál Boxty Ó Conaill (CG)
Paul McNamara (FF)*
Seán Carey (FF)*
Jay Heneghan (NS)


Fear eile ó Fhianna Fáil, Seán Carey, a toghadh in 2019 ach meastar go mbeidh sé ina chath idir é féin agus Rosaleen Dixon Lally chun an suíochán a fháil an uair seo. Chaill Sinn Féin suíochán sa toghcheantar sa toghchán deireanach ach, toisc gurb í Dixon Lally an t-aon iarrthóir ag Sinn Féin sa toghcheantar, ní bheidh an vóta don pháirtí á scoilteadh, mar a bheidh i gcás Fhianna Fáil agus Fine Gael.

Comhairleoir amháin a d’fhéadfadh a bheith ag na trí pháirtí is mó sa tír mar sin, Coyle, Chambers agus Dixon Lally.


Caisleán an Bharraigh (7 suíochán)

Na hIarrthóirí

Ger Deere (FG)
Donna Sheridan (FG)
Maura O’Sullivan (SF)
Cyril Burke (FG)
Stephen Kerr (NS)
Donna Hyland (SF)
Brendan Lavelle (NS)
Donal Geraghty (Ind Ireland)
Aidan Browne (DS)
Maksym Shalomon (NS)
Kamal Uddin (LO)
Gerry Loftus (NS)
Joe Daly (PBP-S)
Michael Kilcoyne (NS).
Tom Moran (The Irish People Party)
Blackie Gavin (FF)
Al McDonnell (FF)
Martin McLoughlin (FF)
Harry Barrett (NS)


Bhí an comhaireamh chomh fada i gCaisleán an Bharraigh in 2019 is a bhí sé gearr i mBéal an Mhuirthead. Toghadh na hiarrthóirí deireanacha ar an 13ú comhaireamh cúig bliana ó shin agus ó tharla 19 iarrthóir a bheith ag seasamh an uair seo, beidh cúpla lá fada rompu san ionad comhairimh i gCaisleán an Bharraigh

Tá ceantar Thuar Mhic Éadaigh istigh sa toghcheantar plódaithe seo agus gach comhairleoir a toghadh cúig bliana ó shin ag seasamh arís.

Ba é an comhairleoir Neamhspleách Michael Kilcoyne a chríochnaigh ar bharr an chomhairimh in 2019 agus tá talamh slán á dhéanamh de gur mar sin a bheidh sé arís an uair seo. Meastar go bhfuil seans maith ann freisin go gcoinneoidh beirt Fhianna Fáil, Blackie Gavin agus Al McDonnell, atá ar an gComhairle le 36 bliain, a gcuid suíochán agus go dtiocfaidh Ger Deere ó Fhine Gael slán arís.

Mar a tharla i mBéal an Mhuirthead, chaill Sinn Féin suíochán sa toghcheantar seo sa toghchán deireanach ach tuigtear go bhfuil tacaíocht láidir ag Donna Hyland an uair seo agus go bhféadfadh sí suíochán a sciobadh ó dhuine den triúr a toghadh ar an gcomhaireamh deireanach in 2019 – Cyril Burke (FG), Martin McLoughlin (FF) agus Donna Sheridan (FG).

*Comhairleoirí Contae

Níos mó