Tar éis dóibh ceann den dá suíochán a bhí acu roimhe sin a chailliúint in 2019, tá Sinn Féin sa tóir ar phéire nó b’fhéidir trí cinn de shuíocháin an uair seo i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil Gaeltacht na Mí.
Michael Gallagher a chaill a shuíochán cúig bliana ó shin ach comhthoghadh é nuair a toghadh Johnny Guirke ina Theachta Dála. Tá súil ann go gcoinneoidh Gallagher a shuíochán an uair seo agus go bhféadfadh Peter Caffrey agus b’fhéidir Oliver ‘Figgy’ Curran na vótaí a fháil toisc go bhfuil an triúr scaipthe amach óna chéile sa toghcheantar.
Chuaigh an suíochán a chaill Sinn Féin in 2019 chuig Fianna Fáil agus d’fhéadfadh gur duine de chomhairleoirí an pháirtí sin a bheadh i mbaol an uair seo. Ba é Seán Drew a chríochnaigh ar bharr an chomhairimh in 2019 agus cé gur fhógair sé nach raibh sé chun seasamh sa toghchán seo, chuaigh sé siar ar an gcinneadh i mí an Mhárta agus tá a ainm curtha chun cinn arís aige.
Ceanannas (7 suíochán)
Na hIarrthóirí
Mike Bray (FF)*
Peter Caffrey (SF)
Eugene Cassidy (FG)*
Cormac Corr (Ind)
Oliver ’Figgy’ Curran (SF)
Peter Devin (Aontú)
Seán Drew (FF)*
Michael Gallagher (SF)*
David Gilroy (Ind)*
Colm Mac an tSionnaigh (Ind Ireland)
Paul McCabe (FF)*
Séamus McGee (FG)
Sarah Reilly (FG)*
Paddy Rennick (FF)
Léiriú é sin ar an easpa muiníne a bhí i bhFianna Fáil nach bhféadfaí comharba a fháil ar Drew, a bhfuil breis is 20 bliain caite aige ag plé leis an bpolaitíocht áitiúil. Toghfar Drew in athuair agus cé go bhfuil tacaíocht mhaith ag Mike Bray agus Paul McCabe, comhairleoirí eile Fhianna Fáil sa toghcheantar a toghadh den chéad uair in 2019, d’fhéadfadh go mbeidís ag brath ar vótaí aistrithe chun suíocháin a fháil.
Is í Sarah Reilly Fhine Gael an t-aon bhean atá ag seasamh i dtoghcheantar Cheanannais ach beidh sí muiníneach go dtoghfar in athuair í tar éis di a bheith tofa sa dara háit in 2019. Tá scór bliain caite ag Eugene Cassidy mar chomhairleoir ar Chomhairle Contae na Mí agus ba cheart go dtoghfaí arís é ach beidh sé deacair ag an tríú hiarrthóir ag Fine Gael sa toghcheantar, Séamus McGee.
Glactar leis go dtoghfar David Gilroy, an t-iarrthóir Neamhspleách ó Áth Buí, arís. I dteannta Gilroy agus Mike Bray Fhianna Dáil, is é Seán Mac an tSionnaigh atá ag seasamh d’Éire Neamhspleách, an tríú hiarrthóir ó Áth Buí atá ag seasamh.
* Comhairleoirí Contae