Tá Eamon Ryan ag éirí as mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais.
Tuairiscítear gur tráthnóna a fhógróidh Ryan go bhfuil deireadh lena ré mar cheannaire a pháirtí ach go bhfanfaidh sé ina ról mar aire timpeallachta agus aeráide.
Ní go rómhaith a chruthaigh an Comhaontas Glas sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla ag tús na míosa. Chaill an páirtí os cionn leath de na suíocháin a bhí acu sna húdaráis áitiúla agus an dá shuíochán a bhí acu i bParlaimint na hEorpa.
Catherine Martin, Aire na Gaeltachta agus leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, rogha na coitiantachta le teacht i gcomharbacht ar Ryan mar cheannaire.
Thug Martin dúshlán Ryan do cheannaireacht an pháirtí in 2020 ach chaill sí, 994 vóta in aghaidh 946.
Is é Eamon Ryan, a bhí ina cheannaire ar a pháirtí ó 2011, an dara ceannaire ar pháirtí comhrialtais a d’éirigh as i mbliana. I mí Aibreáin, d’éirigh Leo Varadkar as mar cheannaire ar Fhine Gael.
Agus Eamon Ryan ar an stiúir, d’éirigh níos fearr leis an gComhaontas Glas in olltoghchán 2020 ná mar a d’éirigh leo in aon olltoghchán eile.
Tar éis an toghcháin sin, níos lú ná 10 mbliana ó chaill an páirtí gach suíochán Dála a bhí acu i ndiaidh thobchliseadh an gheilleagair, chuaigh siad ar ais i mbun comhrialtais arís.
Toghadh Eamon Ryan chun na Dála den chéad uair in 2002. Bhí sé ina aire cumarsáide idir 2007-2011 nuair a chaill sé féin agus a chomhghleacaithe go léir a suíocháin san olltoghchán.
Toghadh arís é in 2016.