Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
ceol,-comhra-agus-ceardlanna-sorcais-ag-feile-an-earagail,-drama-nua-i-gconamara

Ceol, comhrá agus ceardlanna sorcais ag Féile an Earagail, dráma nua i gConamara

| Bridget Bhreathnach | ,

Ceol, comhrá agus ceardlanna sorcais ag Féile an Earagail

Huartan

Tá clár mór millteach imeachtaí leagtha amach d’Fhéile Ealaíne an Earagail a bheidh ar bun ó 13-18 Iúil ag ionaid éagsúla ar fud chontae Dhún na nGall.  

Ar an Domhnach, an 14 Iúil ag a 8pm beidh The Social sna Doirí Beaga mar láthair do cheolchoirm leis na grúpaí Huartan, Trá Pháidín agus Róis. Meascán den cheol traidisiúnta agus ceol comhaimseartha a bheidh anseo leis an mbuíon cheoil a bhuaigh an gradam nua i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí ag Gradaim Cheoil Nós na bliana seo. Banna ‘traidtreonaice’ iad Huartan agus triúr ceoltóirí traidisiúnta páirteach ann, Catriona Ní Ghribín, Múlú agus an léiritheoir Stiofán Loughran.  

Cead isteach €15 agus ticéid anseo. 

Ar an Mháirt beidh ócáid Pop-up Gaeltacht in Blake’s Bar i Leitir Ceanainn agus seisiún ceoil ar bun le Comhaltas Leitir Ceanainn agus Líonra Leitir Ceanainn. Ócáid saor in aisce í seo ag a mbeidh ceol beo, caint agus spraoi.  

Gabhfaidh an fhéile go Toraigh ar an Aoine, an 19 Iúil, ag a 7pm agus Oíche Chultúir agus Oidhreachta á cur ar bun in An Club. Níl aon táille ar an doras don ócáid seo mar a ndéanfar oidhreacht ealaíne Thoraí a cheiliúradh.  

Ar an Domhnach, an 21 Iúil, ag a 8pm in Ionad Cultúrtha Réigiúnach (Regional Cultural Centre) Leitir Ceanainn beidh ceolchoirm le tríréad Eoghain Uí Cheannabháin agus Mhuireann Nic Amhlaoibh.  

Ticéid ar €25 ar fáil anseo 

Muireann Nic Amhlaoibh agus Eoghan Ó Ceannabháin

Éalaigh leis an sorcas

D’aon duine a raibh fonn orthu riamh éalú leis an sorcas tá an deis acu anois agus ceardlanna i scileanna sorcais á gcur ar fáil sa Phuball Mór ag ionad an CPI i gCaisleán na Finne agus i Machaire Gathlán, Doirí Beaga.  

Cuirfear ceardlanna ar bun do pháistí idir 7 agus 11 bliain d’aois agus múinfear scileanna sorcais is cleasghleacaíochta [acrabataic] go spraíúil dóibh. Cuirfear na seisiúin ar bun i gCaisleán na Finne ó 18-20 Iúil agus sna Doirí Beaga ón 25-27 Iúil.  

Ticéid ar fáil anseo.  

Fleá na bPrátaí i nGleann na Sceiche

Cé go raibh séasúr crua ag feirmeoirí fataí i mbliana, níl aon ísle brí ar lucht eagraithe ‘Fleá na bPrátaí’ agus ceiliúradh mór le bheith acu i nGleann na Sceiche ar an Eachréidh deireadh seachtaine saoire bainc an 2-4 Lúnasa.  

Is é seo an 24ú bliain ag an bhféile seo a dhéanann ceiliúradh ar an bpráta le linn trí lá na féile. Beidh amhránaíocht agus ceol ar an gclár chomh maith le scéalaíocht, garraíodóireacht, agus tá rogha gach bia agus togha gach dí geallta ag an lucht eagraithe freisin.  

Tháinig ráiteas an tseachtain seo ó ‘Uachtarán Phoblacht na bPrátaí’ ag cur fáilte Uí Bhaoill roimh uasal is íseal go féile na bliana seo. Tá sé d’aidhm acu i ‘bPoblacht na bPrátaí’, de réir an ráitis, fáilte a chur roimh gach uile phráta beag is mór go dtí an fhéile.  

Ainneoin na drochaimsire a chuir isteach ar shéasúr curaíochta an Earraigh in Éirinn agus ar fud na hEorpa i mbliana, tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí go maith leis na hiomairí i Gleann na Sceiche. Deir lucht eagraithe na féile go bhfuil na fataí fiche lá faoi bhláth anois agus níl uathu anois ach fiche lá ag fás go mbeidh siad réir le baint.  

Dorn san Aer do Rónán Mac Aodha Bhuí

Tá féile nua, Dorn san Aer, bunaithe in ómós don sárchraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí. 

Beidh an fhéile cheoil, atá á heagrú ag cairde agus muintir Rónáin Mhic Aodha Bhuí, i dteannta ceoltóirí a spreag sé agus ar chuidigh sé leo i rith na mblianta, ar siúl i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair seo chugainn. 

Agus an fhéile á fógairt, dúirt lucht eagraithe na féile Dorn San Aer gur mian leo ‘an splanc a las Rónán a choinneáil beo’. 

Léigh alt faoin fhéile le Méabh Ní Thuathaláin anseo.  

Ar an Dé Deiridh – dráma nua ar stáitse i gConamara agus Inis Oírr

Tá dráma nua, Ar an Dé Deiridh, atá bunaithe ar sheanchas agus stair Chonamara, ag dul ar camchuairt i lár mhí Iúil i gConamara agus in Inis Oírr. Is é an grúpa ealaíontóirí as Conamara, Gliogar, atá á léiriú agus Caoimhghín Ó hEoghasa sa bpríomhpháirt.  

Insítear scéal Éamoin Choséadrom in Ar An Dé Deiridh, teachtaire i bhfórsaí armtha chlann Uí Fhlaithbheartaigh in Iar-Chonnachta in 1256 AD. Maraítear deartháir Éamoin le linn catha ina n-éiríonn le fórsaí Normannacha Walter de Búrca in aghaidh Chlann Uí Fhlaithbheartaigh. Tugann Éamon do na boinn é as Maigh Cuilinn chomh fad le hInis Mhic Ádhaimh, nó an Cheathrú Rua mar a thugtar air sa lá atá inniu. Tá sé ag iarraidh fainic a chur ar a mhuintir faoin réabadh atá ar an mbealach. Céard a thabharfaidh slán iad?  

Is iad dátaí na camchuairte: an 16 Iúil, Áras Éanna, Inis Oírr; an 18 Iúil, Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an 24 Iúil, Áras Pobail Chorr na Móna. 

Tosóidh gach léiriú ag 8pm, agus tá ticéid €5 ar fáil anseo. 

Síneadh ama curtha le comórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge

Tá seachtain bhreise fógartha do scríbhneoirí Gaeilge le cur isteach ar 

Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2024. D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an tseachtain seo go mbeidh am sa bhreis á thabhairt do scríbhneoirí chun snas a chur ar a gcuid saothar sula gcuirfidh siad isteach ar na comórtais liteartha iad. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí an 8 Iúil 2024. 

Tá réimse leathan comórtas i gceist ar chlár na gComórtas Liteartha i mbliana, ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile. Duaischiste os cionn €30,000 a bheidh ann. 

Tuilleadh eolais anseo 

Ceardlann ealaíne dhátheangach i gCaisleán an Bharraigh

Beidh ceardlann ealaíne dhátheangach á cur ar bun ag an ealaíontóir Miriam Byrne in Ionad Ealaíne an Linenhall i gCaisleán an Bharraigh ar an Aoine, an 12 Iúil ag a 11:00pm. Ceardlann ar an gcolláis a bheidh ann agus is trí Ghaeilge agus trí Bhéarla a bheidh an cheardlann á rith. Beidh fáilte ag an lucht eagraithe roimh dhaoine beag beann ar an leibhéal Gaeilge atá acu.  

Is ealaíontóir í Miriam Byrne a oibríonn le péint agus leis an dealbhadóireacht agus atá ina cónaí in Acaill. Is minic a bhaineann sí úsáid as an athchúrsáil ina cuid oibre, tógann sí seanrudaí agus rudaí atá caite amach agus cruthaíonn sí saothair ealaíne astu. Tírdhreach iarthar na hÉireann agus an fharraige a bhíonn mar inspioráid aici.  

Ticéid ar €5 ar fáil anseo 

Níos mó