Tá stáisiún raidió digiteach Gaeilge agus cainéal ar leith Gaeilge ar an RTÉ Player i measc na ngníomhartha atá beartaithe ag an gcraoltóir náisiúnta don teanga ina straitéis nua.
D’fhoilsigh RTÉ a straitéis nua cúig bliana an tseachtain seo caite, Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029, agus an eagraíocht ag iarraidh teacht ó na conspóidí a bhain di le bliain anuas. Admhaítear sa straitéis go bhfuil gá “práinneach” le “bunathrú agus le muinín a fháil ar ais” in RTÉ.
Ar cheann de na spriocanna is mó suntais sa straitéis tá an sprioc líon na bhfostaithe in RTÉ a laghdú 400 duine trí scéim scoir dheonaigh a thabhairt isteach ach tá tagairtí déanta d’ábhar Gaeilge RTÉ sa straitéis freisin.
Deirtear inti go ndéanfar athnuachan ar Straitéis Ghaeilge RTÉ an bhliain seo chugainn mar fhreagra ar an athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin atá ar bun ag Coimisiún na Meán i láthair na huaire. Cé nach bhfoilseofar torthaí an athbhreithnithe sin go dtí an bhliain seo chugainn, deir RTÉ go gcinnteofar ina straitéis nua don Ghaeilge go mbeidh “cláir shuntasacha Ghaeilge agus dhátheangacha Béarla-Gaeilge” á gcraoladh ar RTÉ.
Tá geallta sa straitéis cúig bliana go gcuirfear tuilleadh maoinithe ar fáil chun cláir Ghaeilge a dhéanamh.
Deirtear inti go ndéanfar an ‘Ciste Síl’ a sheoladh an bhliain seo chugainn “chun an buiséad forbartha físeán a dhúbailt ar fud na gclár drámaíochta, na gclár Gaeilge, na gclár faisnéise agus na bhformáidí dúchasacha”.
Tá béim bhreise curtha ar tháirgí agus seirbhísí sruthaithe agus ar choimisiúnuithe ón earnáil neamhspleách i straitéis nua RTÉ agus mar chuid de sin, deirtear go mbeifear ag lorg earnáil neamhspleách smaointe maidir “le formáidí comhaimseartha atá éasca le sruthú ar fud ábhar Gaeilge, ealaíne agus cultúir agus sainchláir fhíorasacha i ndáil le hábhar físe”.
Thacódh breis ábhar físe i nGaeilge le RTÉ cainéal ar leith, RTÉ as Gaeilge, a sheoladh ar an seinnteoir, RTÉ Player, rud atá luaite sa straitéis. Tá go leor d’ábhar Gaeilge RTÉ ar fáil faoi chatagóir na Gaeilge cheana féin ar an Player ach is léir go bhfuil sé i gceist forbairt a dhéanamh air sin.
Maidir le cúrsaí fuaime, deirtear chomh maith go ndéanfar raon podchraoltaí agus seónna raidió nua a choimisiúnú do Raidió na Gaeltachta agus seirbhísí raidió eile RTÉ.
Gealltar freisin go dtabharfaidh RTÉ faoi staidéar féidearthachta do stáisiún raidió digiteach Gaeilge nua a bheidh ag díriú ar éisteoirí idir 15-34 bliain d’aois.
Tá ráite ag Coimisiún na Meán gur cheart iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí stáisiún raidió Gaeilge don óige a bhunú. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí a leithéid de sheirbhís ach is stáisiún náisiúnta FM atá ón gConradh seachas stáisiún digiteach.