Iomlán Bud SAM á ghrúdú le fuinneamh gaoithe
Tá dul chun cinn
leanúnach á dhéanamh ag earnáil an fhuinnimh in-athnuaite agus is cruthúnas
soiléir air sin é go bhfuil 100% de Budweiser na Stát Aontaithe anois á ghrúdú
le cumhacht na gaoithe.
In 2017 d’fhógair
an comhlacht Anheuser-Busch InBev – ar leis Budweiser mar aon le neart beoracha
aitheanta eile – go raibh sé beartaithe acu a mhonarchana uile a reáchtáil ar
fhuinneamh in-athnuaite faoi 2025 agus a lorg carbóin iomlán a laghdú 30% faoin
mbliain chéanna.
Tá mionghrúdlanna
in áiteanna éagsúla ar domhan a úsáideann fuinneamh glas lena dtáirgí a
dhéanamh ach is é Budweiser an chéad mhórleann idirnáisiúnta chun an chéim
thábhachtach a thabhairt.
“Táimid bródúil
gurb é Budweiser an chéad bhranda de chuid AB InBev agus an chéad bheoir mhór
idirnáisiúnta a ghrúdaítear le fuinneamh in-athnuaite, 100%,” arsa Ricardo
Marques, ionadaí ón chomhlacht.
“Tá súil againn
go mbeimid in ann daoine agus gnólachtaí eile a spreagadh chun todhchaí níos
inbhuanaithe a bhaint amach.”
Is inmholta an beart é gan aon amhras agus beimidne anseo ag NÓS ag coinneáil súil in airde d’aon mhórchomhlacht eile a leanann eiseamláir Bud.
Bíodh sin mar atá, mar a chualathas i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath aréir mar a raibh an cheist seo faoi chaibidil: “Maith iad féin as cumhacht na gaoithe a úsáid, tá sé sin iontach, ach is fual asail fós é!”
Ní gá a rá ach go
raibh pionta leann dubh ina glac ag bean a ráite!