Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Amlíne

Moltaí do Pholasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht

Thosaigh Conradh na Gaeilge ag tabhairt tacaíocht do dhaoine ina chónaí sa Ghaeltacht. Tá daoine sa Ghaeltacht atá i dteideal tithe sóisialta á mbrú amach as a bpobal féin mar nach bhfuil dóthain tithe sóisialta á dtógáil sa Ghaeltacht Bíonn grúpaí ag déanamh stocaireacht le tamall agus fanfaidh siad agus Conradh na Gaeilge go dtí go gcuireann an Rialtas Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht.

Bunaíodh Leathanach Gaeltacht X

Bhí sé mar aidhm ag Gaeltacht X spiorad spraíúil na gcoláistí samhraidh a choinneáil, agus eipéireas Gaeilge a chothú gan mothúchán an tseomra ranga. Bhí cluichí, comórtais agus ábhar de gach chineál pleanáilte againn don samhradh le dul i bhfeidhm ar dhéagóirí ar bhealach sultmhar. Bhí Gaeltacht X á reáchtáil acu ar Instagram agus ar TikTok.

Leasaíodh Bille na Teangacha Oifigiúla

Bhí grúpaí cearta teanga Ghaeilge ag troid ar feadh tamaill ar deacrachtaí acu nuair atá siad ag iarraidh bealach isteach go dtí na seirbhísí stáit sna háiteanna Gaeltacht agus chomh maith leis sin, sna háiteanna eile. Cuireann an bille plean náisiúnta ar fáil. De dheasca an bhille, aithneoidh na ranna éagsúla an síneadh fada agus na seoltaí Gaeilge.

An chéad Chás Ghaeilge san AE

D’aithin Peadar Mac Fhlannchadha, bainisteoir na habhcóideachta ag Conradh na Gaeilge, nach raibh lipéid Gaeilge ar leigheas madra. Seoladh an cás go dtí An Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg. Bhí gach cáipéis i nGaeilge agus ina theannta sin, bhí an éisteacht chúirte trí Ghaeilge. Beidh moltóirí ag déanamh plé ar an chás. I ndiadh sin, rachaidh an cás go dtí an Ard-Chúirt  Bhreithiúnais.

An Caighdeán Oifigiúil, 2017

An treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge foilsithe.

Bunaíodh Tuarisc.ie

Is seirbhís nuachta Gaeilge é Tuairisc.ie atá maoinaithe ag Foras na Gaeilge. Tugann Tuairisc an t-eolas is déanaí do Phobal na Gaeilge. Cuireann sé ailt faoi nuacht idirnáisiúnta, náisiúnta agus an Ghaeltacht. 

An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge

Seoladh leaganacha ar líne de English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe, 1959) agus de Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977), mar aon le bunachar gramadaí agus bunachar foghraíochta.

Bunú Logainm.ie

Cuireadh tús le Céim I den obair in Aibreán 2007 agus seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann go poiblí ag tús Dheireadh Fómhair 2008. Tá comhoibriú leanúnach ar siúl idir logainm.ie agus Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann chun naisc a chruthú idir an dá bhunachar i gcás logainmneacha atá i bpáirt acu.

 

Meon Eile

Is ardán ar líne é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh agus níos faide i gcéin.

Seoladh Nós.ie

Is iris chultúir í Nós.ie a sheoladh ar líne le linn Sheachtain na Gaeilge 2008. 

An Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontas Eorpaigh

Ar 1 Eanáir 2007, tháinig stádas na Gaeilge mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm. Baineadh an stádas seo amach i ndiaidh feachtais láidir ón bpobal faoin mbrat ‘Stádas’.

De bharr an stádais nua ag an teanga san Eoraip, tá níos mó úsáide á baint aisti i bParlaimint agus i gcodanna eile den Aontas Eorpach. Tá deiseanna fostaíochta ar fáil anois chomh maith do dhaoine le Gaeilge.

Raidió Fáilte ag craoladh den chéad uair

Cuireadh tús le craolachán oifigúil Raidio Fáilte ar 15 Meán Fómhair 2006 agus tá an stáisiún ag feidhmiú ó shin ar líne agus ar 107.1 MHz FM ó Bhéal Feirste.

An Gramadóir

Tá leagan den Ghramadóir ar fáil a sheiceálann gramadach na Gaeilge. D’fhoilsigh an leagan Gaeilge den chéad uair sa bhliain 2003, ba é an chéad seiceálaí gramadaí in aon mhionteanga.

Teilifís na Gaeilge ar an aer

I 1993, mar thoradh ar bhrú ón bpobal trí fheachtas fada a lean breis is 20 bliain, bheartaigh an Rialtas stáisiún teilifíse Gaeilge nua a bhunú. Lonnaíodh Teilifís na Gaeilge, mar a tugadh air ag an am, i mBaile na hAbhann Co. na Gaillimhe, agus thosaigh an tseirbhís craolacháin ar an 31 Deireadh Fómhair 1996.

Tosaíonn Raidió na Life ag craoladh

Ag aithint go raibh riachtanais ar leith ag cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht, cuireadh tús le feachtas le stáisiún Gaeilge neamhspleách a bhunú san ardchathair ag deireadh na 1980í. Bunaíodh Raidió na Life mar thoradh ar an bhfeachtas sin. Rinne an stáisiún nua craoladh trialach ó Oireachtas na Samhna i 1991 agus tar éis cúpla craoladh sealadach eile, tháinig an stáisiún ar aer go lánaimseartha ar 25 Meán Fómhair 1993.

Ceann de na polasaithe a bhí ag Raidió na Life ón gcéad lá ná go gcraolfaí amhráin le liricí Béarla, rud nár ceadaíodh ar Raidió na Gaeltachta. Chraol an stáisiún ar mhinicíocht 102.2FM sna luathbhlianta agus i 1999 bhog sé go 106.4FM ar an diail. Feidhmíonn an stáisiún ar bhonn deonach don chuid is mó.

Bunú Fhoras na Gaeilge

Bunaíodh Foras na Gaeilge ar an 2 Nollaig 1999, ag glacadh le róil Bord na Gaeilge (an dáileoir leabhar Áisíneacht Dáiliúchan Leabhar san áireamh), an foilsitheoir An Gúm, agus an coiste téarmeolaíochta An Coiste Tosaíocht, a raibh an triúr acu roimhe seo comhlachtaí stáit rialtas na hÉireann.

Bunú Údarás na Gaeltachta

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá an ghníomhaireacht Stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.

Raidió na Gaeltachta ag craoladh den chéad uair

De bharr feachtas láidir náisiúnta agus áitiúil a d’eascair as Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair ag 3 i.n., Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972. Tá an stáisiún lonnaithe go príomha i gCasla, Conamara, agus is féidir éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar fud na cruinne.

Bunú Raidió na Gaeltachta

Mar thoradh ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, bhí stáisiún raidió do mhuintir na Gaeltachta ar an aer ó Dhomhnach Cásca 1972. Bhí sé ar fáil sna ceantair Ghaeltachta amháin ag an tús ar feadh cúpla uair an chloig ach anois is féidir éisteacht leis 7 lá na seachtaine, 24 uair an chloig sa lá, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ar líne.

Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta

Bunaíodh grúpa le cearta sibhialta, eacnamaíochta agus cultúrtha a lorg do chainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí. Thosaigh sé i gConamara sa bhliain 1969 agus d’éirigh leo Oireachtas na Gaeilge a chur ar siúl timpeall na tíre agus lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta.

Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht

Thosaigh cúrsaí Gaeltachta do dhéagóirí i lár na seascaidí. Tháinig coláistí samhraidh ar nós Coláiste na bhFiann chun cinn agus ó shin tháinig go leor coláistí eile ar an bhfód. Tugtar borradh do gheilleagar na Gaeltachta leis na coláistí samhraidh agus méadaítear suim daoine óga sa Ghaeilge.

An Caighdeán Oifigiúil

Foilsíodh Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge den chéad uair sa bhliain 1958. Leagadh rialacha gramadaí agus litriú na Gaeilge amach go hoifigiúil, rud nach raibh ann roimhe, leis an nGaeilge scríofa a dhéanamh níos éasca agus gramadach na Gaeilge a shoiléiriú. Foilsíodh an leagan is déanaí sa bhliain 2017.

Saorstát Éireann

Tar éis Éirí amach na Cásca sa bhliain 1916 agus Cogadh na Saoirse, bunaíodh Saorstát Éireann agus bhí a rialtas féin ag Éirinn. Aithníodh an Ghaeilge mar theanga náisiúnta na hÉireann agus ba theanga oifigiúil é an Béarla chomh maith agus cuireadh sa bhunreacht go mbeadh cáipéisí dlí as Gaeilge agus Béarla.

Bunaíodh Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus ar fud fad an domhain ó bhí 1902.Bíonn an fhéile ar siúil gach bliain ón 1-17 Márta. Is í an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan, a shroicheann os cionn 1 mhilliún duine ar 5 mhór-roinn gach bliain.

An Claidheamh Soluis

Bá é an chéad nuachtán a bhí ag Conradh na Gaeilge ná An Claidheamh Soluis. Foilsíodh an nuachtán seachtainiúil, idir 1899 agus 1932. I measc a eagarthóirí bhí Pádraig Mac Piarais agus Eoin Mac Néill. Athraíodh an páipéar go rialta agus foilsíodh é freisin faoi theidil eile – Fáinne an Lae agus Misneach.

An tOireachtas ann den chéad uair

Bhí an tOireachtas ann den chéad uair ar an 17ú Bealtaine 1897 i mBaile Átha Cliath.
An sprioc a bhí ann ná cultúr Gaelach agus teanga na Gaeilge a cheiliúradh agus pobal na Gaeilge ag teacht le chéile. Bunaíodh é ar Eisteddfod na Breataine Bige agus ar an Mòd in Albain agus tá sé ag dul ó neart ó shin.

Bunú Chonradh na Gaeilge

Bunaíodh Conradh na Gaeilge, ar a dtugtaí an Gaelic Union go stairiúil, i mBaile Átha Cliath ar 31 Iúil 1893 le hEoin Mac Néill le tacaíocht ó Douglas Hyde, Eoghan Ó Gramhnaigh agus daoine eile. Ba í an phríomhinstitiúid a chuir Athbheochan na Gaeilge chun cinn, ag cur béime faoi leith ar labhairt na Gaeilge a spreagadh, agus ar litríocht nua-aimseartha a sholáthar sa teanga.

“The Necessity for De-Anglicizing the Irish Nation.”

Is óráid cháiliúil í seo a thug Dubhghlas de hÍde os comhair Chumann Náisiúnta Litríochta na hÉireann. Chreid sé go raibh sé práinneach go mbeadh a féiniúlacht féin ag Éirinn agus ina measc, a teanga féin. Chuir sé daoine ag smaoineamh faoi chás na hÉireann, ina measc Eoin MacNéill agus bliain níos déanaí, bhunaigh Mac Néill agus De hÍde Conradh na Gaeilge.

Bunú Chumann Luthchleas Gael

Bunaíodh an Cumann Luthchleas Gael ar 1 Samhain 1884 ag cruinniú i nDurlas, Co. Thiobraid Árann le grúpa fir a chonaic an tábhacht a bhí le heagraíocht náisiúnta a chruthú chun lúthchleasaíocht a chur ar fáil do gach uile dhuine. Laistigh de shé mhí ón gcéad chruinniú cáiliúil sin, thosaigh clubanna CLG ag teacht chun cinn ar fud na hÉireann.

Society for the Preservation of the Irish Language

Bunaíodh an Society for the Preservation of the Irish Language ar 29 Nollaig 1876. Bhí sé mar aidhm ag an SPIL stádas na Gaeilge a chosaint, stádas a bhí faoi bhagairt agus ag dul as feidhm ag an am. D’éirigh leis an gcumann an Ghaeilge a áireamh ar churaclam na mbunscoileanna agus na meánscoileanna agus na gcoláistí tríú leibhéal i 1878.

Bunú Bholg an tSolair

Ba é Bolg an tSolair an chéad thréimhseachán a bhain sé le ceist agus cúis na Gaeilge. D’fhoilsigh na hÉireannaigh Aontaithe Bolg an tSolair i mBéal Feirste agus bhí filíocht, stór focal agus rudaí eile le fáil ann i nGaeilge agus i mBéarla ionas go mbeidh sé oiriúnach d’fhoghlaimeoirí na teanga.