![](/wp-content/themes/yootheme/cache/80/ogras-e1714054185631-80d26d56.png)
Oifigeach Forbartha Óige – Cúige Laighean
![Ógras](https://peig.ie/wp-content/uploads/2024/04/ogras-e1714054185631.png)
Ógras
Tá Ógras ag lorg duine díograiseach, réamhghníomhach, agus tiománta le theacht ag obair mar chuid d’fhoireann Ógras le cinntiú go mbeidh níos mó deiseanna ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide taobh amuigh den chóras oideachas foirmeálta.
Is deis iontach é seo do dhuine a bhfuil taithí acu a bheith ag obair le daoine óga agus go bhfuil tuiscint acu ar an oideachas neamh-fhoirmeálta agus gur mian leo tionchur dearfach a imirt ar obair óige trí mheán na Gaeilge.
Cúlra Ógras
Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Cuireann Ógras réimse leathan de sheirbhísí ar fáil – idir clubanna óige, tionscnamh, cláracha agus traenáil – le tacú le forbairt shóisialta agus phearsanta an duine, agus ag an am céanna an Ghaeilge agus cultúr dúchais na hÉireann a chur chun cinn.
An Ról
Beidh an tOifigeach Forbartha ag obair i dtreo deiseanna breis a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt agus a neartú trí chlubanna agus tionscadail nua a bhunú agus a láidriú i gceantar Chúige Laighean le fás agus forbairt a dhéanamh ar líon na gcainteoirí óga Gaeilge. Beidh gá le tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do cheannairí chomh maith le nascanna nua a chruthú agus a fhorbairt le grúpaí pobail, scoileanna agus eagraíochtaí gaolmhara eile. Mar chuid den ról beidh ar an duine tionscadail nuálaíocht a chur ar bun, imeachtaí a comhordú, ceardlanna a fhorbairt agus a eagrú, cruinnithe a reáchtáil agus seisiúin eolais a chur ar siúl i gceantracha éagsúla timpeall Chúige Laighean ach go háirithe i mBaile Átha Cliath.
Ag Tuairisciú chuig: Stiúrthóir Ógras
Conradh: Post lán-aimseartha
Lonnaithe: Ceantar Chúige Laighean. Beidh taisteal i gceist leis an phost.
Uaireanta oibre : Lán-aimseartha (37.5 uair sa tseachtain)
Is gá don duine a bheith solúbtha mar beidh gá obair sa tráthnóna agus ag deireadh seachtainí ó am go ham
Maoinitheoir: An Roinn Leanaí, Comhionannas, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Freagrachtaí an Phoist
1. Ceannairí óige a earcú agus a thraenáil le dhul i mbun clubanna agus tionscadail óige
2. Tionscnamh agus Tograí óige a bhunú agus a fhorbairt sa cheantar
3. Tacú le breis chlubanna de chuid Ógras agus Óg-Ógras a bhunú timpeall Chúige Laighean, trí earcú ceannairí, traenáil agus tacaíocht a chur ar fáil nuair is gá
4. Obair Ógras a chur chun cinn trí chruinnithe agus cur i láthair ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla
5. Poiblíocht a dhéanamh ar
6. Tacú le Imeachtaí réigiúnda agus naisiúnta a eagrú agus a reáchtáil
7. Maoiniú a lorg do thionscadail nua
8. Tuairiscí agus taifead suas chun dáta a choinneáil ar an obair
Sonraíocht Phearsanta
Scileanna
• Ardscileanna cumarsáide idir labhairt agus scríobh i nGaeilge agus i mBéarla – cur i láthair san áireamh;
• Scileanna maithe idirphearsanta
• Ardscileanna ríomhaireachta
• Taithí ar plé leis na meáin shóisialta agus eolach ar bhealaí cruthaíoch le obair Ógras a fhógairt agus a chur chun cinn
Pearsantacht
• Scileanna idirbheartaíochta;
• Scileanna comhréitigh;
• Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus a chur i gcrích;
• Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin
Taithí
• Taithí ar Bainistiú Tionscnamh
• Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga
• Taithí ar chúrsaí oiliúna a fhorbairt agus a chur ar fáil
• Taithí ar bhunú grúpaí/coistí nó ar a bheith ag plé leo
• Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta
Eolas
• Eolas ar Ógras agus ar an earnáil óige
• Eolas agus tuiscint ar riachtanais daoine óga
Cáilíochtaí
• Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair pobail nó i réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
• Cáilíocht sa Ghaeilge
Príomhshonraí
Tuarastal: Ag tosnú idir €33,812 – €36,788 ag brath ar thaithí. Íocfaidh Ógras 5% den tuarastal i dtreo an Scéim Pinsean ach a chomhionann a bheith á íoc ag an fhostaí, tar éis an tréimhse sé mhí promhaidh a bheith curtha i gcríoch go sásúil.
Post Lán-aimseartha
Laethanta Saoire: 20 lá pro rata.
Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig cathaoirleach@ogras.ie roimh an spriocdháta 2 Iúil 2024 ag 5.00i.n.
Eolas eile:
• Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin don ról seo.
• Beidh na hagallaimh don phost ar siúl thar Zoom
• Post maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta, Míchumais agus Óige.
• Is fostóir comhionannas é Ógras agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |