Baill Nua ar Bhord Iontaobhas Uí Chadhain
Iontaobhas Uí Chadhain
Bord Iontaobhas Uí Chadhain ag lorg Baill Nua
Le heastát liteartha an scríbhneora Máirtín Ó Cadhain a riar atá Iontaobhas Uí Chadhain ann, agus tá muid á dhéanamh sin ó 1988. Tá baill an Bhoird ag dul in aois, agus tá fuil nua de dhíth orainn.
D’fháilteodh muid roimh dhaoine a bhfuil eolas an-mhaith acu ar an gCadhnach agus ar a shaothar.
Má suim agat a bheith linn, tar i dteagmháil linn, le do thoil, agus cuir eolas chugainn fút féin, eolas ar bith atá agat ar obair choiste, agus do chuid eolais ar an gCadhnach. Níl taithí coiste riachtanach.
Ní cheapfaí daoine nua láithreach, ach d’iarrfaí orthu teacht chuig cruinnithe den Bhord ar feadh tamaill mar ‘éisteoirí/breathnóirí’, le go dtiocfaidís isteach ar chúraimí agus oibriú an Iontaobhais, agus cé mar a d’fheilfeadh sin dóibh.
Is carthanas cláraithe é Iontaobhas Uí Chadhain agus is go deonach a thugann na baill a gcuid ama agus oibre. Mar sin, ní íoctar aon táillí leo, táillí cothabhála ná taistil san áireamh.
Tuairim is cúig chruinniú a bhíonn ann in aghaidh na bliana.
Cuir teachtaireacht, a luaithe is féidir é, le do thoil, chuig iontaobhas@outlook.com, nó cuir glaoch ar Mháirtín Ó Cadhain, Rúnaí Iontaobhas Uí Chadhain ar 0860643550
14-04-24
Job Features
Job Category | Deonach, Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |