Bainisteoir ar Choláiste Íde
Coláiste Íde
Tá Cairde Choláiste Ide Teo ag fógairt post an Bhainisteora i Coláiste Ide.
Ba chóir go mbeadh cáilíocht 3ú leibhéal ag an té a cheapfar mar aon le taithi ar bheith ag obair le déagóirí, cumas tacú le tuismitheoirí agus an fhoireann, scileanna láidre idirphearsanta agus ceannaireachta. Ní mór don té a cheapfar taithi bainistíochta dhá bhliain ar a laghad a bheith acu mar aon le scileanna riomhaireachta, riaradh airgeadais agus gnó.
Tá sé riachtanach go mbeadh cruinneas sa Ghaeilge labhartha agus scríofa ag an té a cheapfar.
Post lán aimseartha atá anseo agus beidh solúbthacht ó thaobh aireanta oibre i gceist ó am go ham. Íocfar pá de réir cáilíochtai agus taithí.
Glacfar le hiarratais mar aon le curriculum vitae go post@colaisteide.com roimh 17.00 ar an gCéadaoin an 10u lúil 2024. Breis eolais ó Mháirín Ui Chonchubhair, Bainisteoir, 066 9151211 no mairin@colaisteide.com
Job Features
Job Category | Oideachas |