Bainisteoir Luathbhlianta
Gaeloideachas
Tá Gaeloideachas ag lorg duine le tuiscint agus taithí ar earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge don ról nua seo le seirbhísí tacaíochta na heagraíochta do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt agus le habhcóideacht a dhéanamh ar a son.
Post lánaimseartha atá ann, le conradh 5 bliana
Tá foirm iarratais agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaeloideachas.ie
An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meánlae, 10 Iúil 2024 ar ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Scála Tuarastail (Ardoifigeach Feidhmiúchán): €56,556-€71,227
Beidh an té a cheapfar ag tosú ag Pointe 1 den scála.
Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas. Is í príomhoifig na heagraíochta ná Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9 agus tá oifig aici i nGorlann Ghnó na Forbacha, Co. na Gaillimhe.
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Tá eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |