Bainisteoir Sinsearach Cumarsáid agus Gnóthaí Poiblí
Acadamh Ríoga na hÉireann
Rannóg: Cláir agus Rannpháirtíocht
Cineál Conartha: Téarma Seasta
Tréimhse: 5 bliana
Tuairisciú do: Ceann na gClár agus na Rannpháirtíochta
Eolas Ginearálta
Fáiltítear roimh iarratais don phost mar Bhainisteoir Sinsearach Cumarsáid agus Gnóthaí Poiblí, lonnaithe in Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA). Is maoiniú poiblí a fhaigheann Acadamh Ríoga na hÉireann go príomha, eagraíocht a bunaíodh chun an léann sna heolaíochtaí agus sna daonnachtaí a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Tá an plean straitéiseach is déanaí de chuid an Acadaimh, a
bhaineann leis an tréimhse ó 2019 go 2023, ar fáil anseo: https://www.ria.ie/strategic-plan.
Príomhchuspóir an róil
Próifíl an RIA a neartú agus an obair a dhéanaimid a chur in iúl do phríomhpháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne.
Is deis iontach é seo do dhuine atá ardspreagtha chun cuidiú linn straitéis chumarsáide an Acadaimh a bhrú chun cinn, lena n-áirítear an príomhlucht féachana, comhpháirtíochtaí féideartha agus deiseanna urraíochta a aithint, agus ár dteachtaireacht a chur in oiriúint do phobail éagsúla.
Príomhfhreagrachtaí
Is iad seo a leanas na freagrachtaí a bheidh ar an mBainisteoir Sinsearach Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí:
- Plean cumarsáide straitéiseach a fhorbairt agus a sheachadadh a thacóidh le cuspóirí straitéiseacha agus le gníomhaíochtaí an Acadaimh
- Ábhar a chruthú agus a choimeád agus bainistiú a dhéanamh ar sholáthar éifeachtach chumarsáid an Acadaimh, lena n-áirítear nuachtlitreacha, preaseisiúintí, fógraí ríomhphoist, físeáin, tionscadail speisialta (agus nithe eile nach iad)
- Bainistiú eagarthóireachta agus straitéiseach a dhéanamh ar an suíomh gréasáin, na cainéil mheáin shóisialta agus an athbhreithniú bliantúil.
- Maoirseacht a dhéanamh ar chumarsáid inmheánach agus seachtrach le cinntiú go bhfuil an teachtaireacht leanúnach agus mealltach.
- Bainistiú a dhéanamh ar threoirlínte brandála agus cumarsáide ARÉ i ngach foilseachán agus aschur de chuid an Acadaimh
- Caidreamh a chothú le teagmhálacha tábhachtacha sna meáin. Bheith mar phríomhphointe teagmhála do na meáin agus don fhoireann tacaíochta maidir lena dteagmháil leis na meáin
- Sonraí a rianú ó aschur ARÉ sna meáin chumarsáide agus tomhas a dhéanamh ar na torthaí chun tuarascálacha a ghiniúint maidir le gníomhaíochtaí teagmhála poiblí an Acadaimh.
- Maoirseacht agus bainistiú ar chlár Dioscúrsaí an Acadaimh, na Boinn Óir agus gníomhaíochtaí eile ad hoc
- Dul chun cinn na foirne Cumarsáide a bhainistiú agus a ghríosú trí chruinnithe rialta agus riachtanais oiliúna agus bearnaí scileanna na foirne a shainaithint
- Bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí dámhachtainí / Cairde Corparáideacha an Acadaimh, agus ceannas a thabhairt i dtaca le tionscadail urraíochtaí corparáidí agus tiomsaithe airgid
- Dualgais eile a bhféadfadh Ceann na gClár agus na Rannpháirtíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a shannadh le réasún.
Nóta: Le bheith cáilithe, is gá d’iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a dtairgfear aon phost dó nó di. Níl sa tsonraíocht poist seo ach treoir ar réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart féachaint air mar liostú cuimsitheach. D’fhéadfadh sé go n-athrófaí an tsonraíocht poist seo i gcás go dtiocfadh struchtúir nua isteach agus / nó go dtiocfadh athrú ar riachtanais an Acadaimh.
Sonraíocht duine
Cáilíochtaí riachtanacha
- Céim tríú leibhéal i gCaidreamh Poiblí, sa Chumarsáid, sa Mhargaíocht, sna Meáin Shóisialta, san Iriseoireacht nó i réimse ábhartha eile.
- Cúig bliana ar a laghad de thaithí ábhartha.
- Eolas fairsing agus é a bheith cruthaithe agat go bhfuil tú in ann tionscadail chumarsáide a chruthú agus a chur i bhfeidhm thar réimse meán digiteach/sóisialta.
- Ardscileanna TF agus margaíochta digitigh le tuiscint ar na treochtaí is déanaí sna meáin shóisialta
- Taithí a bheith agat saineolas cumarsáide a thabhairt d’fhonn spriocanna eagraíochtúla a bhaint amach agus gníomhaíochtaí eagraíochtúla a chur i bhfeidhm.
- Ardscileanna scríofa, eagarthóireachta, profála, leagan amach, deartha sa chlódóireacht/foilsitheoireachta, lena n-áirítear a bheith in ann coincheapa a chur in iúl ó bhéal ar an gcaighdeán is airde ar fad.
- Sárscileanna idirphearsanta, le fianaise go bhfuil taithí agat a bheith ag plé le páirtithe leasmhara.
- Mioneolas ar thírdhreach na meán in Éirinn agus taithí a bheith agat a bheith ag plé leis na nuachtáin agus le lucht déanta beartas
- Taithí a bheith agat ar bhainistiú agus forbairt foirne, agus ar na foirne sin a spreagadh chun oibre.
- Ardscileanna eagrúcháin agus bainistíochta tionscadal, imeachtaí agus ama.
Cáilíochtaí inmhianaithe
- Iarchéim i réimse ábhartha
- Taithí ar a bheith ag obair san earnáil phoiblí
- Buneolas ar an nGaeilge
Tuilleadh Eolais
Tuarastal: Tá an tuarastal ar an Scála €52,067 – €69,192 do Bhainisteoirí Clár Sinsearacha.
Uaireanta Oibre: Is iad na gnáthuaireanta oibre 35 uair sa tseachtain. Ní dhéantar íocaíochtaí ragoibre as freastal breise. Má thagann freastal breise chun cinn mar sin féin, glantar é trí am saor ina ionad ag amanna a chomhaontaítear roimh ré leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Tá an ról seo oiriúnach d’obair chumaisc.
Saoire: Is é 25 lá in aghaidh na bliana an tsaoire bhliantúil a mbeifear ina teideal, pro rata i gcás tréimhsí níos giorra. Tugtar teidlíocht i leith saoire le haghaidh laethanta saoire poiblí de réir théarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an dara rogha ann ach suas le ceithre lá saoire bliantúla a thógáil nuair a bhíonn an tAcadamh dúnta i gcomhair na Nollag.
Sochair Fostaithe: Ar shamplaí de chuid dár sochair reatha d’fhostaithe tá:
- Teidlíocht fhlaithiúil saoire bliantúla
- Beartais a thacaíonn le teaghlaigh
- Beartas um obair chumaisc
- Scéim sochair optúil a bheith ar fáil
- Scéim um rothaíocht chun na hoibre a bheith ar fáil
- Réimse deiseanna foghlama agus forbartha
- Beartas um shaoire bhreoiteachta
- Saoire mháithreachais, uchtaíoch agus atharthachta íoctha
- Curtha isteach go huathoibríoch i scéim pinsin
- Clár cúnaimh d’fhostaithe
Scrúdú Dochtúra: Rachaidh ball foirne, más gá, agus ar chostas an Acadaimh, faoi scrúdú dochtúra arna dhéanamh ag lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ainmnithe ag an Acadamh agus údaróidh sé nó sí don lia-chleachtóir sin torthaí an scrúdaithe agus na nithe a eascraíonn as a nochtadh agus a phlé leis an Acadamh ionas gur féidir leis an Acadamh fáil amach faoi aon nithe a d’fhágfadh, dar leo, nach
mbeadh ball foirne in ann a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh i gceart.
Pinsean: Cuirfear sonraí na scéime pinsin cuí ar fáil nuair a chinnfear stádas an té a cheapfar.
Ranníocaíochtaí le Pinsean Buan: Tá an ceapachán seo faoi réir na Ranníocaíochta Aoisliúntais Bhreise (ASC), atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.
An Próiseas Déanta Iarratais
Ní mór an t-iarratas comhlánaithe, é ina chomhad leictreonach amháin (agus na doiciméid go léir i ndoiciméad Word amháin), a chur faoi bhráid recruitment@ria.ie san ord mar atá leagtha amach thíos:
- Litir chlúdaigh ghairid a léiríonn an chaoi a gcomhlíonann tú na cáilíochtaí agus an taithí don phost (700 focal ar a mhéad)
- Curriculum vitae ina ndéantar achoimre ar do cháilíochtaí agus ar do thaithí ábhartha (4 leathanach ar a mhéad)
Déanfar iarrthóirí a ghearrliostú ar bhonn an eolais atá ina n-iarratas.
Tabhair faoi deara, mura gcomhlíontar riachtanais déanta iarratais, go measfar an t-iarratas a bheith neamhbhailí.
Dáta deiridh: 26.07.2024. Ní chuirfear iarratais dhéanacha san áireamh.
Táthar ag súil go reáchtálfar na hagallaimh le linn na seachtaine dar tús an 05.08.2024.
Tabhair faoi deara go mbeidh ceisteanna bunaithe ar inniúlachtaí san agallamh seo.
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara gur féidir painéil a chur ar bun a úsáidfear le poist a líonadh amach anseo.
Ní ghlacfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann le haon fhreagracht as aon chostas arna thabhú ag iarrthóirí a aisíoc.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |