Cúntóir Sinsearach Feidhmiúcháin
Ollscoil Mhá Nuad
Tá Ollscoil Mhá Nuad tiomanta do straitéis ina bhfuil spriocanna bunaidh sin na hOllscoile, barr feabhais sa taighde agus sa scoláireacht agus oideachas den chéad scoth, fite fuaite ina chéile agus an meas céanna orthu.
Tá duine cumasach, críochnúil agus iontaofa á lorg ag Ollscoil Mhá Nuad le feidhmiú mar Chúntóir Sinsearach Feidhmiúcháin do Scoil an Léinn Cheiltigh. Is conradh buan (0.5) a bheidh i gceist.
Cúntóir Sinsearach Feidhmiúcháin (2024): €44,741–€54,616 (7 bpointe) in aghaidh na bliana pro rata.
De réir fhorálacha pá na hearnála poiblí a dhéanfar ceapacháin.
Dáta deiridh:
23:30 (am na hÉireann) Dé Domhnaigh, 04 Lúnasa 2024
Caithfear iarratais a chur isteach faoin dáta deiridh agus faoin am a shonraítear thuas. Cealóidh an córas go huathoibríoch iarratais atá fós idir lámha ag an am deiridh ar an dáta deiridh sonraithe.
Ní ghlacfar le hiarratais mhalla.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Ollscoil Mhá Nuad
Tá an post seo faoi réir Reachtanna na hOllscoile
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |