Cúntóir Teagaisc le Fiontar & Scoil na Gaeilge
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Cúntóir Teagaisc le Fiontar & Scoil na Gaeilge – Conradh 10 mí
Tá Cúntóir Teagaisc á lorg ag Fiontar & Scoil na Gaeilge. Is é feidhm an róil tacaíocht a sholáthar i dtaca leis an teagasc teanga taobh istigh den chlár a ullmhú, a sheachadadh agus a mheasúnú. Tugann an post seo deis luachmhar d’iarrthóirí cur lena bhforbairt phearsanta laistigh de thimpeallacht nuálaíoch, thacúil. Uastréimhse fostaíochta dhá bhliain acadúla atá ar fáil do shealbhóirí an róil.
Dualgais agus Freagrachtaí
Is iad seo a leanas príomhdhualgais agus freagrachtaí an roil:
Tacaíocht Teagaisc
Faoi threoir comhordaitheoirí modúil na Scoile, cuirfidh an Cúntóir Teagaisc an tacaíocht seo a leanas ar fáil:
- Ábhar teagaisc a réiteach do na seimineáir teanga ar na cláir éagsúla agus é a mhúineadh orthu
- Cabhrú leis na comhordaitheroií modúil le haiseolas ar mheasúnachtaí a thabhairt do mhic léinn
- Cabhrú le heagrú agus le marcáil na measúnachtaí (tascanna teanga, etc.) faoi threoir comhordaitheoirí modúil atá freagrach as a leithéid a stiúradh
- Aon ghníomhaíochtaí riaracháin breise a bhaineann leis an teagasc teanga a chur i gcrích, de réir mar a iarrfaidh an Ceann Scoile nó a (h)ainmní
- Scrúduithe cainte a mheasúnú agus scrúduithe/measúnachtaí scríofa ceann cúrsa a mharcáil ag na hamannta cuí faoi threoir na comhordaitheoirí modúil
Tacaíocht do Mhic Léinn
- Plé le fiosrúcháin ó mhic léinn maidir le hábhar na modúl teanga – i gcruinnithe, ar r-phost, nó ar líne, i gcomhairle leis na comhordaitheoirí modúil
Rannpháirtíocht Sheachtrach
- Cabhrú le hearcú mac léinn agus le gníomhaíochtaí margaíochta na Dáimhe, amhail an Lá Oscailte agus imeachtaí mar sin, faoi stiúir an Chinn Scoile
- Cabhrú le hionduchtú mhic léinn na Chéad Bhliana, faoi stiúir an Chinn Scoile
Cáilíochtaí agus Taithí
Beidh bunchéim (Leibhéal 8) sa Ghaeilge ag iarrthóirí (grád 2:1 sa Ghaeilge féin) agus is gnách go mbeidh cáilíocht iarchéime (Leibhéal 9) sa Ghaeilge acu, mar aon le líofacht sa teanga agus cur amach ar ardchaighdeán acu ar an ngramadach agus an teanga scríofa. Ba cheart go mbeadh taithí ar feadh bliana, ar a laghad, ar theagasc na Gaeilge in institiúid ardoideachais. Ní mór dóibh scileanna cumarsáide agus idirphearsanta maithe a bheith acu, suim a léiriú i bhfoghlaim na mac léinn, agus bheith toilteanach cur le reáchtáil éifeachtach na Scoile. Beidh na scileanna cuí ag an té a cheapfar tacú leis an bhfoghlaim ar líne.
Scála Tuarastail: €32,211 – €36,615
Seol léiriú spéise agus CV chuig: ciaran.macanbhaird@dcu.ie faoin 31 Iúil, 2024.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |