Cúntóir Teagaisc le Gaeilge
Ollscoil Luimnigh
Fáilteofar roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:
Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
Cúntóir Teagaisc le Gaeilge/Teaching Assistant in Irish – Téarma seasta 10 mí
Tuarastail: €36,510 sa bhliain pro rata
Féadfar fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost seo a dhéanamh le
Yvonne Cleary
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
Ollscoil Luimnigh
Ríomhphost: Yvonne.Cleary@ul.ie
“Feidhmíonn post mar Chúntóir Teagaisc in Ollscoil Luimnigh mar chonradh oiliúna. Tá fad an chonartha teoranta do 10 mí. Mar sin féin, ní fhéadfar é a athnuachan ach go ceann tréimhse amháin eile nach faide ná 10 mí. Ní bhreithneofar iarratais ach ó dhaoine aonair nach bhfuil dhá chonradh Cúntóra Teagaisc faighte acu cheana féin.”
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte Dé Luain, 15ú Iúil 2024.
Ní mór iarratas a bheith déanta ar líne roimh 12 meán lae, am na hÉireann ar an spriocdháta.
Tacaíonn Ollscoil Luimnigh le hobair chumaisc
Ba cheart a dheimhniú go bhfuil cead agat a bheith ag obair in Éirinn. Ní féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine nach bhfuil cead acu a bheith ag obair in Éirinn.
Ní mór an méid seo a leanas a bheith le d’iarratas:
Litir chur in aithne a dhéanann cur síos ar an gcaoi a gcomhlíonann tú na critéir i sonraíocht an phoist.
Foirm Iarratais ar líne chomhlánaithe (ní mór foirm iarratais ar leithligh a líonadh do gach post a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith).
Seol ríomhphost chuig erecruitment@ul.ie má bhíonn aon deacracht agat.
Fáilteofar roimh iarratais ó iarratasóirí atá cáilithe go cuí.
Tá gradam Cré-Umha Athena Swan ag Ollscoil Luimnigh mar aitheantas ar ár dtiomantas i gcur chun cinn an chomhionannais san ardoideachas. Is fostóir comhionannais deiseanna í an Ollscoil agus tá sí meáite ar roghnú de réir fiúntais, agus fáiltíonn sí roimh iarrthóirí as gach cuid den phobal. Tá réimse tionscnamh ag an Ollscoil chun tacú le timpeallacht oibre atá oiriúnach do theaghlaigh, obair sholúbtha san áireamh.
“Tá “Polasaí do Champas Saor ó Thobac agus Vápáil” curtha i bhfeidhm ag Ollscoil Luimnigh.” Tá cosc ar chaitheamh tobac agus ar vápáil.”
Sprioc: 15-Jul-2024 12:00
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |