Eagarthóir Margaíochta Spóirt
TG4
Conradh Buan
Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is mian le TG4 Eagarthóir Margaíochta Spóirt a earcú a bheidh ag freagairt don Bhainisteoir Cumarsáide. Beidh eagarthóireacht ar ábhar margaíochta d’ardáin spóirt faoi stiúir an té a cheapfar chomh maith le cúram margaíochta agus bainistithe ar thograí spóirt ar leith.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Beidh an té a cheapfar freagrach as a leanas:
An Ról
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar ábhar margaíochta Spórt TG4. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Ceannasaíocht a ghlacadh ar eagarthóireacht agus ar chomhordú mhargaíocht Spórt TG4
- Seirbhís thiomnaithe don lucht féachana a fhorbairt.
- Ceannasaíocht a ghlacadh maidir le hábhar do na meán sóisialta chun an lucht féachana a mhealladh chuig Spórt TG4.
- Ábhar a fhoilsiú ar na hardáin meán sóisialta agus bainistiú pobail, comhordú agus pleanáil a dhéanamh ina leith.
- Ceannasaíocht a ghlacadh ar fheachtais margaíochta spóirt idir bhlaisíní ar aer agus ócáidí ar an láthair.
- Preasráitis a scríobh faoi Spórt TG4 agus iad a scaipeadh ar na meáin.
- Ábhar breise neamhlíneacha a fhorbairt i gcomhar le léiritheoirí san earnáil neamhspleách.
- Stíl agus branda a fhorbairt d’ábhar neamhlíneach i gcomhar le rannóg chruthaitheach TG4.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- Taithí ar na meáin shóisialta agus sainspéis iontu, agus eolas ar mar is féidir iad a úsáid go héifeachtúil chun lucht féachana a mhealladh.
- Eolas agus suim sna forbairtí leanúnacha a dhéantar ar na meáin shóisialta.
- Suim sa spórt, go háirithe CLG agus Rugbaí.
- Taithí chumarsáide nó taithí ar na meáin.
- Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh súil ghrinn ar mhionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
- Suim san fhoghlaim leanúnach.
- Ní mór eolas maith a bheith agat ar ríomhairí, suim a bheith agat i bhforbairtí margaíochta agus digiteacha taobh amuigh de na meáin shóisialta agus go mbeadh sé ar do chumas dul i dtaithí ar chórais nua go tapa. Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar, idir scríobh agus labhairt na teanga, chomh maith le cumas cóipscríbhneoireachta i nGaeilge.
- Cur chuige dearfach, cumas a bheith ag obair i do bhall foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a threorú.
Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie nó chuig Oifig TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé hAoine an 5ú Iúil 2024.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |