Oibrí Cistine/lónadoíreachta
Comharchumann Shailearna Teo.,
Tá Comharchumann Shailearna Teo., ag lorg iarratais do phost lánaimseartha nó do dhá phost páirtaimseartha mar Oibrí Cistine i Mol Caife Sailearna.
Ní mór d’iarrthóirí taithí cócaireachta/lónadóireachta a bheith acu.
Ba cuidiú é cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia & Sláinteachas (HACCP) a bheith ag an iarrthóir nó a bheith sásta an cháilíocht a bhaint amach.
Beidh deis meantóireacht san earnáil ullmhú bia a chur ar fáil más gá don té a cheapfar sa bpost.
Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.
Tugtar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig; sailearna@gmail.com nó glaoch ar 091 399199.
Ba cheart litir iarratais chomh maith le CV a sheoladh roimh an 5.00i.n. Dé hAoine 12 Iúil, 2024 chuig;
An Bainisteoir
Comharchumann Shailearna Teo
Na hAille,
Indreabhán,
Co na Gaillimhe
Is fostóir comhionannais deiseanna é Comharchumann Shailearna Teo. Tá maoiniú foirne ceadaithe tríd an gClár Seirbhís Pobal don phost seo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |