Oifigeach Cléireachais
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag iarraidh painéal d’Oifigeach Cléireachais a cheapadh as a líonfar folúntais amach anseo de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.
Is ról oibríochtúil laistigh den eagraíocht é an post mar Oifigeach Cléireachais agus bíonn an té a cheapfar ag obair mar chuid d’fhoireann ghnóthach. Mar Oifigeach Cléireachais is féidir go mbeidh tú i mbun raon gníomhaíochtaí lena n-áirítear riarachán ginearálta agus bainistíocht seirbhíse custaiméara chun oibriú rianúil ár ngníomhaíochtaí laethúla a chinntiú. Is deis iontach é seo chun taithí luachmhar a fháil san Earnáil Phoiblí agus d’oirfeadh sé do dhuine atá ag tosú amach ina ngairm bheatha nó ag filleadh ar an lucht saothair.
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta lonnaithe go caoithiúil i gCampas Gnó Mhaigh Nuad agus tá páirceáil saor in aisce ar fáil. Baineann baill foirne sásamh as an suaimhneas intinne a thagann le fostaíocht bhuan inphinsin agus a thagann le pá incriminteach. Spreagann an Chomhairle Mhúinteoireachta foghlaim leanúnach le deiseanna oiliúna agus dul chun cinn i do ghairm bheatha.
Is é 22 lá teidlíocht saoire bhliantúil don ról mar Oifigeach Cléireachais agus tá polasaí fleisc-ama ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Tá obair hibrideach ar fáil ach promhadh rathúil a bheith curtha i gcrích. Mar chúiteamh d’obair linn gheobhaidh tú tuarastal iomaíoch agus taithí inaistrithe an-luachmhar laistigh d’eagraíocht earnála poiblí nuálaíoch bhríomhar.
Dáta Deiridh: 10rn Dé Luan, 8 Iúil 2024
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |