Teagascóir Socrúcháin Scoile
Institiúid Oideachais Marino (IOM)
CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN bPOST
Tá baint fhada bhródúil againn le hoideachas, go háirithe oideachas tosaigh múinteoirí (OTM), ag dul
siar breis agus 100 bliain. Le deich mbliana anuas, táthar tar éis misean acadúil agus scóip
ghníomhaíocht MIE a athshamhlú chun tuiscint níos doimhne ar oideachas sa seomra ranga agus
lasmuigh de a chuimsiú, chun contanam oideachas múinteoirí agus oideachas cleachtóirí speisialtóirí
oideachais sna luathbhlianta, ar leibhéil na bunscoile agus bhreisoideachais.
Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) gairmithe oideachais a bhfuil taithí acu a earcú do
phainéal teagascóirí socrúcháin scoile ar bhonn sealadach páirtaimseartha don bhliain acadúil
2024/25. Ba cheart go mbeadh iarratasóirí ar fáil ceithre lá sa tseachtain ar a laghad chun tabhairt faoi chuairteanna ar scoileanna (le linn uaireanta bunscoile). Fáiltítear roimh iarratais ó dhaoine gairmiúla atá cláraithe le Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann, agus ar spéis leo tacú le mic léinn ar shocrúchán do na cláir seo a leanas, agus iad a bhreathnú agus a mheas:
- Baitsiléir san Oideachas (Bunoideachas), B.Oid.
- Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunoideachas), PME.
- Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), B.Oid.
Tá fáilte roimh iarratais ó theagascóirí i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i Sligeach, i Maigh Eo, i
nGaillimh, sa Clár, i Luimneach, i gCiarraí agus i gCorcaigh. Bíonn cuairteanna socrúcháin ar siúl ó
Shamhain go Meitheamh. Reáchtálfar agallaimh de réir mar is gá agus beidh iarratais fós bailí go ceann 12 mhí. Fáilteofar go háirithe roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil ar a gcumas maoirseacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
IARRATAS A DHÉANAMH:
Comhlánaigh an fhoirm in Aguisín a hAon agus seol ar ais í le do CV mar ríomhphost chuig
careers@mie.ie nó sa phost chuig:
An Oifig Acmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9. (D09 R232)
Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear speansais taistil, a bhféadfadh
iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |